|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Comhshaol > Feasacht agus Oideachas > Dó sa Chlós Cúil | ||
Dó sa Chlós CúilTagann beagnach 73% de na dé-ocsainí a théann isteach in aer na hÉireann ó dhó neamhrialaithe dramhaíola ag teocht íseal. Mar sin, an fhoinse is mó de na dé-ocsainí a théann isteach i gcomhshaol na hÉireann is ea dó dramhaíola sa chlós cúil.Dó sa chlós cúil -- ach is é sin a rinneamar riamh!Má tá dramhaíl á dó agat sa bhaile, caithfidh tú stopadh! Tá go leor daoine in Éirinn a dhónn dramhaíl ar a réadmhaoin féin. Dóitear ábhair éagsúla a thiomsaíonn páipéar, cairtchlár, teicstílí, adhmad, bia, bearrthaí gairdín, ábhair sintéisigh ar nós plaistigh agus fiú gloine, miotal agus ceimiceáin tí. Ceapann a lán daoine, go bréagach, gur slí shaor is ea dó sa chlós cúil dramhaíl a choimeád amach ó líontaí talún atá ag cur thar maoil cheana agus ceapann daoine chomh maith nach bhfuil sé baolach don chomhshaol. Tá dul amú ollmhór i gceist leis an smaoineamh seo. Ligeann dóchán neamhrialaithe dramhaíola ag teocht íseal truailleáin thocsaineacha isteach san aer go díreach – gan aon chóireáil nó scagadh. Tá sé seo ar cheann de na príomhfhoinsí de thruailleáin áirithe atá ag dul i bhfeidhm ar chaighdeán aer na hÉireann inniu. Ach ní féidir go bhfuil aon dochar ann!FéMás é seo a chreideann tú, ba cheart duit léamh ar aghaidh. Is féidir le dóchán neamhrialaithe dramhaíola bardasaí ag teocht íseal dul i bhfeidhm go diúltach ar shláinte an duine, ar shábháilteacht bhia agus ar an gcomhshaol. I ndáiríre, tá an dóchán neamhrialaithe seo de dhramhaíl bhardasach sa chlós cúil i bhfad níos dochraí ná mar a ceapadh fadó. Léiríonn taighde reatha go dtéann truailleáin thocsaineacha isteach san aer gach uair a dóitear dramhaíl bhardasach – i gcairn amuigh san aer, i mbairillí, i bpoill oscailte, nó i loisceoirí tí atá ar fáil ó thaobh tráchtála. Cé chomh dona i ndáiríre is a d'fhéadfadh sé a bheith?Braitheann an méid tocsainí a ligtear amach ó dhó neamhrialaithe ag teocht íseal i gclóis chúil ar dhéanamh suas na dramhaíola atá á dó, ar theocht na tine agus ar an soláthar ocsaigine. Is í an phríomhfhadhb a ghabhann le dó i gclóis chúil ná nach ndéantar é ach go hannamh ag teochtaí atá ard go leor chun substaintí tocsaineacha a dhíothú. Nuair atá an aimsir suaimhneach is féidir le tocsainí a ligtear amach ón saghas dócháin neamhrialaithe seo ag teocht íseal, is féidir leo fanacht ag leibhéil bhaolacha in aice leis an talamh go fadtéarmach, rud a fhágann go mbeidh méideanna arda éillithe ag an bhfoinse. Tá liosta truailleán thíos ar féidir leo a theacht amach ó dhó neamhrialaithe ag teocht íseal.
Ach cheap mé nach dtagann dé-ocsainí ach ó loisceoirí? Mícheart!Comhdhúile ceimiceacha is ea dé-ocsainí agus furáin a thagann amach i gcaitheamh dhó go leor substaintí nuair atá clóirín i láthair; go háirithe plaisteach agus rubar ach fiú gnáthpháipéar agus páipéar nuachta. Nuair a chuirtear dé-ocsainí amach briseann siad síos chomh mall sin go n-éiríonn siad ina dtruailleáin dianseasmhacha sa chomhshaol ar feadh blianta fada. Chomh luath agus a théann dé-ocsainí isteach sa chomhshaol nó sa chorp, bíonn siad dianseasmhach mar gheall ar a gcobhsaíocht cheimiceach agus is féidir leo neartú i saill in ainmhithe agus i ndaoine. Tá go leor comhdhúile dé-ocsaine atá amuigh ansin tocsaineach agus tá baint ag nochtadh ag leibhéil arda le galair éagsúla den chraiceann. Chomh maith leis seo, aithnítear go bhfuil dé-ocsaín ar leith, TCDD, ar an gceann is tocsainí agus aicmíodh é mar charcanaigin aitheanta i ndaoine.Cad as go díreach a dtagann dé-ocsainí?
Cén fáth mar sin go bhfuil loisceoirí á dtógáil againn?
Ní hiad loisceoirí réiteach iomlán cheist ár ndúshlán dramhaíola, áfach. Mar chuid de straitéis bhainistíocht dramhaíola, áfach, mar a léirítear in ordlathas dramhaíola an AE, tá ról tábhachtach le himirt ag loscadh i dteannta le cosc, laghdú agus athchúrsáil dramhaíola, chomh maith le modhanna eile cóireála.
I dtuairisc a foilsíodh i 2003, chuir an tÚdarás um Shábháilteacht Bhia in iúl nach gcuirfidh áiseanna loiscthe le leibhéil dé-ocsainí sa soláthar bia má bhainistítear iad mar is cuí – agus nach rachaidh siad i bhfeidhm ar chaighdeán an bhia nó ar a shábháilteacht, ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol. |
||
| Add | Edit | ||