|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Comhshaol > Feasacht agus Oideachas > Fuinneamh Inchothaithe | ||
Cáipéis is ea Prótacal KyotoTá thart ar 180 tír tar éis an cháipéis áirithe seo a shíniú i Kyoto na Seapáine i Nollaig 1997. • Roinneann Prótacal Kyoto gealltanais le cuspóirí éagsúla atá ceangailte de réir dlí maidir lena gcur amach gáis a laghdú nó ar a laghad é a theorannú! An Iarmhairt Cheaptha Teasa agus Gáis• Tá go leor comhdhúl ceimiceacha ar fáil in atmaisféar an domhain a iompraíonn mar gháis a théann i bhfeidhm ar an iarmhairt cheaptha teasa.• Ligeann na comhdhúile nó na gáis seo do sholas na gréine a theacht isteach san atmaisféar go furasta. • Nuair a bhuaileann solas na gréine dromchla an domhain, frithchaitear cuid den solas sin ar ais go dtí spás mar radaíocht infridhearg (teas). • Ionsúnn na gáis a bhaineann leis an iarmhairt cheaptha teasa, ionsúnn siad an radaíocht infridhearg seo agus dá dheasca sin bíonn an teas gafa san atmaisféar. • Tar éis tamaill is ionann an méid fuinnimh a thagann ón ngrian go dtí dromchla an domhain agus an méid fuinnimh a radaítear ar ais go dtí spás – rud a fhágann go bhfuil teocht dhromchla an domhain saghas mar an gcéanna an t-am ar fad. • Tá gnéithe a théann i bhfeidhm go trom ar an iarmhairt cheaptha teasa ag baint le han-chuid gás. Tá roinnt de na gáis seo le fáil sa dúlra, mar shampla gal uisce, dé-ocsaíd charbóin, meatán agus ocsaíd nítriúil, agus tá roinnt eile saorga nó de dhéantús an duine ar fad – cosúil le gáis, mar shampla, a úsáidtear le haghaidh aerasól. Cur Amach GáisClúdaíonn na cuspóirí seo cur amach sé ghás a théann i bhfeidhm ar an iarmhairt cheaptha teasa, clúdaíonn siad na gáis seo a leanas: • Dé-ocsaíd charbin (CO2). |
||
| Add | Edit | ||