|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Comhshaol > Feasacht agus Oideachas > Laghdaigh, Athúsáid agus Athchúrsáil | ||
|
So Waterford “do your part” for the Environment and for Ireland to reach our EU target for 2011 Recycle your Waste Batteries
WEEE Battery Recycling FlashmobLaghdaigh, laghdaigh, laghdaigh!• Gearr síos ar phacáistiú.• Ná ceannaigh rudaí faoi chlúdach ar leith nó faoi chlúdach iomarcach. • Ceannaigh spraeanna pumpála seachas aerasóil. • Priontáil agus fótachóipeáil ar an dá thaobh den leathanach. • Ceannaigh do chuid torthaí úra agus iad scaoilte chun pacáistiú nach gá a sheachaint. • Scríobh go dtí comhlachtaí a sheolann dramhphost chugat agus iarr orthu stopadh. • Cothabháil nó deisigh: íosmhéadaigh do chuid dramhaíola agus beidh sé níos saoire ansin. • Seachain rudaí aon uaire, mar shampla cupáin, plátaí, naipcíní agus ceallraí. Úsáid arís agus arís eile naipcíní éadaigh agus plátaí agus cupáin plaisteacha marthanacha le haghaidh picnicí. • Foghlaim conas roinnt! Mura bhfuil sé ar intinn agat ach rud a úsáid uair nó dhó, faigh an t-earra ar iasacht más féidir, agus sa tslí chéanna roinn do chuid rudaí féin le do chairde. • Má mhothaíonn tú nach bhfuil gá agat le rud éigin níos mó, ach go bhféadfadh sé a bheith úsáideach do dhuine éigin eile, díol an t-earra nó faigh réidh leis saor in aisce. Athúsáid, athúsáid, athúsáid!• Ceannaigh i gcónaí earraí ar féidir iad a athlíonadh ionas go mbeidh tú ábalta athúsáid a bhaint as an gcoimeádán.• Ná fáil réidh le héadaí: déan tréaniarracht iad a thabhairt do chara, do bhall clainne, do charthanacht nó fiú do bhailiúchán teicstílí débhliantúil na Comhairle (beidh sonraí de seo ar fáil go luath) ach iad a choimeád i leataobh ar feadh tamaill. • Déan iarracht rudaí maithe a cheannach, rudaí a mhairfidh agus ar féidir leo a bheith deisithe. • Ceannaigh luchtaire do do cheallraí. • Bain athúsáid as an taobh glan de leathanaigh a bhfuil priontáil déanta ar an taobh eile dóibh, bain athúsáid as an taobh glan le haghaidh bhreacadh nótaí. • Ná bac le málaí siopadóireachta nach gá leo, athúsáid seanmhálaí nó, más féidir, faigh mála siopadóireachta marthanach. Athchúrsáil, athchúrsáil, athchúrsáil!• Tabhair léas do shaol na n-achmhainní nádúrtha atá gafa inár gcuid bhruscair. Ní raibh athchúrsáil i gContae Phort Láirge riamh chomh furasta seo.• Ní gá in aon chor na rudaí inathchúrsáilte a shórtáil... ná déan ach gach rud a liostáiltear thíos a chur i sac soiléir plaisteach, agus ná déan dearmad coimeádáin a fholmhú agus a shruthlú amach – agus ansin fág amach iad le haghaidh bailiúcháin. • Is ionann an lá bailiúcháin agus lá bhailiúchán na n-araidí rothaí de chuid na Comhairle agus beidh sé ann i rith na seachtaine a bhfuil béim ghlas uirthi san fhéilire atá ar fáil ar an suíomh idirlín seo. |
||
| Add | Edit | ||