Treoracha faoi Mhúirín

Cad is múirín ann?

Tugtar múirín ar an bpróiseas nádúrtha mar a mbristear síos ábhar plandaí agus ainmhithe go dtí ábhar saibhir dorcha, cosúil le hithir, faoi chúinsí atá faoi riail. Is é an chuspóir atá i gceist ná múirín a dhéanamh de dhramhaíl thí agus ghairdín. Nuair atá múirín réidh le húsáid, ní bhíonn de ghnáth aon rian fágtha den bhunábhar.

Fíricí Tábhachtacha faoi Mhúirín

  • Is féidir leat múirín a dhéanamh de beagnach 36% de do chuid dramhaíola sa bhaile.
  • Nuair a dhéanann tú múirín sa bhaile, bíonn tionchar ollmhór agat ar dhramhaíl a laghdú agus chun meáchan ginearálta do bhosca bruscair a laghdú chomh maith.
  • Cabhraíonn déanamh an mhúirín linn polasaí simplí agus tábhachtach a chur i bhfeidhm: laghdaigh; athúsáid; athchúrsáil.
  • Dramhaíl chistine agus ghairdín is ea na príomhfhoinsí bunábhair do mhúirín.

Na Comhábhair Chearta a Úsáid

Tá déanamh an mhúirín cosúil le cáca a dhéanamh... Má leanann tú an treoir atá thíos, roghnóidh tú na comhábhair chuí. Ba cheart don bhosca múirín a bheith cóngarach do do bhaile ionas go bhféadfaidh tú teacht air go furasta.

Is féidir dramhaíl a roinnt i dhá chatagóir, glas agus donn. Braitheann an t-idirdhealú seo ar dhéanamh suas ceimiceach na dramhaíola. Chun cur síos teicniúil a dhéanamh ar an ábhar, tá céadatán ard nítrigine i gceist leis an dramhaíl ghlas, agus tá céadatán ard carbóin i láthair sa dramhaíl donn. Mar shlat tomhais gineáralta, ba cheart don duine an méid céanna den dá shaghas mianaigh nó ábhair a úsáid. Tugann an tábla thíos treoir don duine faoi na saghasanna ábhair atá oiriúnach nuair atá múirín á dhéanamh.

 Glas Donn   Ábhar eile  Gan
Fuílligh chistine Duilleoga tae Feamainn, féar tirim agus tuí (maothaigh go maith) Feoil, circeoil agus iasc 
Scamhadh glasraí Píosaí caifé Gruaig dhuine agus ainmhí, cleití (tarraing caol ar chleití)  Aoileach ó ainmhithe a itheann feoil (m. sh. cait agus madraí)
Fiailí úra Scamhadh torthaí Luaithreach adhmaid  
Gearrthóg fhéir Aoileach ainmhí Aoileach capaill, bó agus éanlaith chlóis  
Aoileach ó éanlaith chlóis Blaoscanna uibhe Páipéar agus cairtchlár (chun ábhar fliuch a thriomú)  

Leideanna um Múirín

1. Ábhair
Tagtar ar na torthaí is fearr ach bunábhair righne ar nós gearrthóg fháil agus tuí a mheascadh isteach le hábhair níos boige ar nós bearrthaí féir, torthaí agus scamhadh glasraí.

2. Taise
Tá sé tábhachtach an chothromaíocht taise cheart a bhaint amach. Éiríonn múirín thar a bheith sleamhain má tá taise ann. Ar an lámh eile, áfach, tagann an proiséas chun críche ar fad má tá an mianach ró-thirim. Chun triail a bhaint as an taise, faigh glac ábhair agus fáisc é. Ba cheart dó a bheith chomh tais le spúinse atá fáiscthe amach.

3. Aer
Na mionorgánaigh a thugann riachtanas ocsaigine do do mhúirín. Úsáid picín láimhe chun an t-inneachar a shuaitheadh, ionas go rachaidh aer isteach i do bhosca bhruscair do mhúirín.

An Próiseas atá i gCeist

Lig don phróiseas (múirín a dhéanamh) tosú. Lean ort ag cur leis an mbosca bruscair go dtí go bhfuil sé lán, nó b'fhéidir bheadh sé uait ceann nua a thosú. Thógfadh sé seo cúpla seachtain nó fiú cúpla mí... Ná bí buartha mura líonann an bosca bruscair suas go deo. Má tá sé ag teastáil uait luas a chur leis an bproiséas, folmhaigh an bosca bruscair ó am go ham, measc suas an t-inneachar agus cuir ar ais é arís.

Tar éis tamaill, ba cheart duit a lán múirín a bheith agat, chomh maith le hoiriúntóir cuimsitheach ithreach, bia plandaí agus móta. Tár éis cúpla mí nó níos mó – thógfadh sé seo suas go bliain – beidh cuma ithreach saibhre dorcha ar shraitheanna íochtair an bhosca bhruscair. Seo duit do mhúirín!

Tóg amach é lena úsáid ar an ngairdín, agus cuir aon ábhar neamhdhíleáite ar ais sa bhosca bruscair chun an chéad bhaisc eile a thosú. Nó is féidir leat an bosca bruscair a fholmhú sa ghairdín agus an t-inneachar a chlúdach le polaitéin nó le cairpéad. Leanfaidh na hábhair ar aghaidh ag díleá, agus is féidir leatsa tósú ar an mbosca bruscair a úsáid athuair. Costas an bhosca bhruscair san áireamh, beidh tú ag déanamh coigilte, mar a fheicfidh tú má chostáileann tú an múirín atá i d'ionad garraíodóireachta áitiúil. Beidh go leor airgid coigilte agat – agus beidh tú tar éis cosc a chur ar thruailliú agus ar íonadh talún.


Composting Guide (word .doc, 46 kbs)
Treoir is ea é seo faoi na hábhair ar cheart a úsáid nuair atá múirín a dhéanamh agat.
Add | Edit|Direct Edit