![]() |
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Comhshaol > Rialú Ainmhithe agus Seirbhísí Tréidliachta > Rialú Madraí | ||
Rialú MadraíSmacht a Choimeád ar do MhadraChomh maith, tá fíneálacha á dtabhairt amach d'úinéirí madraí nach bhfuil a madraí á rialú go héifeachtúil acu agus iad lasmuigh den teach. Agus tá fíneálacha á dtabhairt d'úinéirí madraí nach gcinntíonn go bhfuil cába ag an madra a bhfuil ainm agus seoladh an úinéara inscríofa ar dhiosca nó suaitheantas atá iata leis an gcába. Tá fíneálacha bruscair ar an toirt de €125.00 á dtabhairt amach d'úinéirí madraí a theipeann orthu salachar a fhágann a madra a ghlanadh as an áit. Chomh maith leis seo tá polasaí á chur i bhfeidhm ag Comhairle Contae Phort Láirge a bhaineann le féasraigh do mhadraí áirithe. Séard atá i gceist ná go bhfuil ar mhadraí teoranta féasraigh a bheith orthu agus iad amuigh go poiblí. Cad a Tharlaíonn leis na Madraí?Léirigh figiúirí de chuid Chomhairle Contae Phort Láirge gur sábháileadh 26 de na 447 madra a cuireadh i ngéibheann anuraidh. Tugadh baile nua do 261 madra agus cuireadh 159 madra chun suain. Má tá suim agatsa baile a chur ar fáil do mhadra... déan teagmháil le póna Chathair Phort Láirge ag 051 8772247. Iarrann Comhairle Contae Phort Láirge ar dhiúlaigh a chinntiú go mbeidh a gceadúnas madra in aice láimhe nuair a thagann an maor madraí go dtí an doras. |
||