|
Contae Phort Láirge, Eire
|
||
| Tá tú anseo Baile > Seirbhísí > Eolas Chúram Leanaí > An Straitéis Náisiúnta um Chúram Leanaí | ||
An Straitéis Náisiúnta um Chúram LeanaíTweetAn Straitéis Náisiúnta um Chúram LeanaíIs í Oifig an Aire Leanaí atá freagrach as an Straitéis Náisiúnta um Chúram Leanaí 2006-10. Is í an phríomhchuspóir atá i gceist leis an Straitéis Náisiúnta um Chúram Leanaí ná an bonneagar chúram leanaí a fhorleathnú chun dul i ngleic le riachtanais pháistí agus a dtuismitheoirí le haghaidh cúram leanaí den chéad scoth. Táthar ag tnúth go gcruthóidh an clár suas le 40,000 post nua san earnáil chúram leanaí. Is í an chuspóir atá i gceist ná cabhrú le tuismitheoirí cúram leanaí den chéad scoth a fháil. I limistéir faoi mhíbhuntáiste, cuireann an Clár Infheistíochta sa Chúram Leanaí deontais fhoirne ar fáil chomh maith do sheirbhísí pobalbhunaithe cúram leanaí. Cuireann na deontais seo ar chumas na seirbhísí sin cúram leanaí níos saoire a chur ar fáil do thuismitheoirí. Tacaíonn Oifig an Aire Leanaí le líonra 33 coiste cúram leanaí áitiúil, sa chathair agus sa chontae. Áis den scoth is ea iad seo le haghaidh tuismitheoirí a bhfuil eolas faoin gcúram leanaí á lorg acu. Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin Straitéis Náisiúnta um Chúram Leanaí 2006-10 téigh, le do thoil, go dtí www.omc.gov.ie nó buail isteach go dtí an oifig atá againn. |
||
| Add | Edit|Direct Edit | ||