Naisc go dtí Seirbhísí

Tá an liosta roinnte suas i limistéir thíreolaíocha chun naíonraí, Montessori, páistí réamhscoile agus aois scoile, cúram leanaí aois scoile, grúpaí tuismitheoirí agus maimilíneach, cúram iomlán lae agus feighlithe leanaí a chur san áireamh.

Teagmháil

Tugtar míniú thíos faoi cad is brí le cuid de na téarmaí.

Tabhairt isteach go dtí na Seirbhísí

  • Seisiúnach:
    Seirbhísí réamscolaíochta a thairgíonn cúram agus oideachas luathóige do níos lú ná trí uair go leith sa lá.

  • Cúram iomlán lae:
    Seirbhísí réamscolaíochta a thairgíonn cúram agus oideachas luathóige do níos mó ná trí uair go leith sa lá
    Is féidir leat na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscolaíochta), 2006 a íoslódáil a rialáileann an réimse seo.

Saghasanna Chúram Leanaí

  • Naíonraí:
    Cuireann naíonraí cúram agus oideachas réamhscoile ar fáil, ar bhonn seisiúnach don chuid is mó, do pháistí suas le cúig bliana d'aois. Is féidir leis na seirbhísí chúram leanaí a bheith pobalbhunaithe, coisteriaraithe nó bunaithe go príobháideach.

  • Réamhscoil:
    Oibríonn réamhscoileanna i mbunscoileanna don chuid is mó -- cuireann siad cúram agus oideachas luathóige ar fáil, ar bhonn seisiúnach don chuid is mó, do pháistí idir trí agus cúig bliana d'aois.

  • Naíonraí:
    Soláthraíonn na naíonraí (Gaeilge) seirbhís sheisiúnach réamhscolaíochta trí mheán na Gaeilge do pháistí idir trí agus cúig bliana d'aois. Is é an Comhchoiste Réamhscolaiochta Teo. a oibríonn iad, agus eagraíonn an comhchoiste agus tacaíonn sé le córas naíonraí trí mheán na Gaeilge.

  • Clár an Túis Luaith:
    Clár réamhscolaíochta bliana amháin is ea Clár an Túis Luaith do pháistí atá trí bliana d'aois nó níos sine i bpobail faoi mhíbhuntáiste. Oibríonn an clár chun tacú le gach gné d'fhorbairt an pháiste maidir le páistí a bhfuil an baol ann go dtitfidh siad chun deiridh sa chóras ginearálta oideachais.

  • Seirbhísí lasmuigh den Scoil:
    Cuirtear seirbhís lasmuigh den scoil ar fáil a thógann aire de pháistí nuair nach mbíonn siad ar scoil -- is é sin le rá, roimh scoil, tar éis scoil agus i gcaitheamh saoirí scoile

  • Naíolanna lae (creiseanna):
    Cuireann naíolanna cúram grúpa ar fáil do pháistí ó thrí mhí d'aois. Is féidir leis na naíolanna a bheith príobháideach, pobalbhunaithe nó istigh san ionad oibre. Cuireann go leor díobh gné oideachais príobháidigh ar fáil cosúil le seisiúin réamhscolaíochta do na páistí siúd idir a trí agus a cúig bliana d'aois.

  • Ionaid Bhuail isteach:
    Tá siad seo le fáil in ionaid siopadóireachta, ionaid fhóillíochta agus mar sin de. Soláthraítear an tseirbhís seo mar chuid de sheirbhís chustaiméara/cliaint
    Drop in centres are provided in shopping centres, leisure centres or similar establishment. The service is provided as part of a customer/client service agus fágtar páistí ar feadh tréimhse giorra fad is a bhíonn na tuismitheoirí ag baint leasa as seirbhís nó ag freastal ar imeacht.

  • Montessori:
    Soláthraíonn scoileanna Montessori seirbhís pháirtaimseartha réamhscolaíochta do pháistí idir a trí agus a sé bliana d'aois. Baineann siad úsáid as an modh Montessori, a chuireann timpeallacht ar fáil do no páistí mar a mbíonn siad saor oibriú -- mar is dual do pháistí.

  • Feighlíocht Leanaí
    Duine is ea feighlí leanaí a thógann aire de ghrúpa pháisí d'aoiseanna difriúla idir laistigh dá dteach féin nó i dteach an fheighlithe. Bíonn uaireanta lánaimseartha agus páirtaimseartha i gceist.

Tabhair faoi deara: Tógadh an t-eolas atá tugtha thuas as an Eolaí do Thuismitheoirí/Feighlithe de Pháistí Réamhscoile, atá arna cur le chéile ag Fóram an Chúram Leanaí i gcomhar le Comhpháirtíocht Cheantar Phort Láirge agus Coiste Chúram Leanaí Phort Láirge.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit