|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Na hEalaíona > ArtLinks | ||
ArtLinks
Tá ArtLinks dírithe ar gach ealaíontóir -- amaitéarach agus proifisiúnta -- 18 agus os a chionn, atá ina gcónaí laistigh de chontaetha Cill Chainnigh, Ceatharlach, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Mhantáin. Tá sé mar chsupóir ag ArtLinks deiseanna atá insroichte a chur ar fáil i gcomhair ealaíontóirí ón gcúig chontae atá rannpháirteach ann chun scileanna, eolas agus tuiscint a bhaint amach agus chun na tacaíochtaí riachtanacha a sholáthar atá de dhíth orthu lena gcleachtais oibre agus gairmeacha beatha a fhorbairt. Cuireann ArtLinks réimse sheirbhísí ar fáil go gach disciplín -- mar shampla, cúrsaí forbartha proifisiúnta faoi gach gné d'obair chruthaiteach; seimineáir eolais, tacaíocht mhaoinithe, scéimeanna meantóireachta chomh maith le réimse leathan ríomhsheirbhísí ar an suíomh idirlín, www.artlinks.ie Eolaire atá ag dul i méid is ea suíomh idirlín ArtLinks d'ealaíontóirí san Oirdheisceart. Ó lár 2007 tá níos mó ná 500 diúlach agus grúpa tar éis clárú agus ta sé tar éis éirí ina eolaire cuimsitheach do na healaíona sa réigiún. Spreagtar bainisteoirí, lucht chur chun cinn, riarthóirí agus daoine eile a bhfuil baint acu leis na healaíona sa réigiún clárú chomh maith. Má tá tú i do chónaí lasmuigh den réigiún ach má tá suim agat coimeád suas le nuacht a bhaineann leis na healaíona san Oirdheisceart is féidir leat síniú suas le haghaidh ríomhfheasacháin shaoir in aisce de chuid ArtLinks ach dul go dtí an leathanach baile www.artlinks.ie Tá áis san áireamh ar shuíomh idirlín ArtLinks chun sonraí d'obair ealaíontóra a phróifíliú chomh maith le héachtaí a g(h)airm bheatha; cuireann sé deiseanna ar fáil líonrú agus imeachtaí a bhaineann le healaíontóir a chur suas. Cartlann is ea an suíomh chomh maith, agus pointe eolais, do na cúig Oifig Ealaíon. Is féidir le diúlaigh, grúpaí, bannaí, féilte, bainisteoirí agus lucht chur chun cinn clárú. Sochair Shaor in AisceBuntáistí saor in aisce a ghabann le hArtLinks
Cláraigh anois le hArtLinks ar www.artlinks.ie |
||
| Add | Edit | ||