An Scéim Dheontas Ealaíon
Tá sé mar chuspóir ag Comhairle Contae Phort Láirge, trína scéim dheontas ealaíon, cabhair airgid a thabhairt do ghrúpaí agus eagraíochtaí ealaíon atá bunaithe sa chontae, nach déileáiltear leo sa chlár foriomlán ealaíon don bhliain reatha. Tabharfar tosaíocht do thionscadail de réir pholasaí agus cuspóirí sonraithe Phlean Ealaíon Chontae Phort Láirge 2005 – 2008.
Tá Comhairle Contae Phort Láirge ag moladh €20,000 a chur ar fáil mar chúnamh deontais dóibh siúd a ghlacann páirt suntasach ealaíonta sa chontae.
Drámaíocht
€500 an ceann le haghaidh léiriúchán sa bhliain 2007:
- KCK Drama (Cill Ghobnait/Coilligeán/Cill Bhriain)
- Dawn Players – Cill Mhíodáin
- Aisteoirí Sliabh gCua, Tuar an Fhíona
- Dungarvan Dramatic Club, Dún Garbhán
- Stagemad Theatre Co., Trá Mhór
- Aisteoirí an tSeanphobail
- Kilgobinet Players, Dún Garbhán
- Gealach Gorm Theatre Group, An Chill
- Ballyduff Drama Group, An Baile Dubh
- Brideview Players, Tulach an Iarainn
- Modeligo Drama Group, Maigh Dheilge
- Lismore Dramatic Society, Lios Mór
Féilte
- West Waterford Drama Festival, An Baile Dubh -- €1000
- Rathgormack Set Dancing Festival, Rath gCormac -- €1,000
- Féile na nDéise, Dún Garbhán -- €2,000
- Dunmore East Bluegrass Festival, Dún Mór Thoir -- €500
- The Booley House, An Baile Dubh -- €650
- Fleadh Cheoil Chontae Phort Láirge -- €1,000
- IMMRAMA Literary Festival, An Lios Mór -- €2,500
- Cúl Cheoil, Cúl na Sméar -- €500
Ceol
Klub Muzik, Riverstown, Trá Mhór -- €500
Lismore Choir, Lios Mór -- €1,000
Dungarvan Brass Band & Youth Band, Dún Garbhán-- €500
Cumann Ceoil na Rinne -- €500
Mahon Valley AMPS, Kilmacthomas/Concert Series, Cill Mhic Thomáisín -- €1,000
Foirmeacha Ealaíon Eile
Dungarvan Camera Club/Ceardlanna -- €850
Tramore Writers' Group/Ceardlanna -- €500