|
County Waterford, Ireland
|
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Na hEalaíona > Ealaín Phoiblí > Úllord de Faoite | ||
Úllord de FaoiteÚllord de FaoiteD'iarr Comhairle Baile Dhún Garbhán ar an dealbhóir Wil Gilchrist a dhearadh dar teideal Fruits after Harvest a dhéanamh le haghaidh gné ealaíonta ag Úllord de Faoite, i leataobh ó Shráid Uí Chonaill, Dún Garbhán. Fógraíodh an t-údarú mar chomórtas náisiúnta oscailte agus é comhordaithe ag an Oifig Ealaíon de chuid na Comhairle Contae. Séard a bheidh ann ná ocht n-úll mór bán (1.3m trastomhas), scaipthe ar nós gur thit siad ó na crainn úill atá ann cheana féin agus ar coimeádadh iad, ar achar glas laistigh den fhorbraíocht. Beidh creatlach cruach thógála agus bailchríoch choincréit threisithe/ciment fondue ag na húill. Tá Gilchrist, arb as Albain dó, lonnaithe in Inis, Contae an Chláir ó bhí 1988 ann. Cuireann sé a chuid saothar ar taispeáint go fairsing agus tá a dhealbh phoiblí is déanaí ar Thimpeallán Bhaile Shionainne in aice Aerfort na Sionainne. Tá cumhdach oibre dearadh beár agus clubanna in Éirinn agus i SAM aige. |
||
| Add | Edit | ||