Stair an Fhoirgnimh

Tá stair faoi leith ag an bhfoirgneamh ina bhfuil Ionad Ealaíon Sheanteach an Mhargaidh. Luann gníomhas ó 1641 do "theach cúirte" sa limistéar seo, rud a thagraíonn b'fhéidir don fhoirgneamh seo. Ar dtús tógadh é mar mhargadh ime, le seomraí comhairle thuas -- thart ar 1700 nó níos luaithe. Toisc gurbh é an limistéar seo lár an bhaile, bhí margaí ar siúl os comhair an fhoirgnimh -- agus thugtaí "áit an mhargaidh" ar an áit seo.

Úsáideadh an limistéar mar láthair bhásaithe. Deir an Canónach de Paor ina stair gur cuireadh beirt chun báis anseo i 1642 -- John Clancy, sagart paróiste Dhún Garbhán agus Edmond Hore, séiplíneach Dhún Garbhán -- i gcaitheamh fhorghabháil an bhaile faoin Lord Inchiquin. Crochadh Éamonn de Paor nó Edmond Power ó fhuinneog san fhoirgneamh i 1799 toisc go raibh sé páirteach leis na hÉireannaigh Aontaithe. Tá ár seomra ilchuspóra thuas staighre, Seomra de Paor, ainmnithe in ómós d'Éamonn de Paor.

I 1868 cheannaigh Robert A. Merry agus a chomhlacht an foirgneamh mar oifigí agus stórais dá ngnó grósaeireachta, fíona agus biotáille. I 1984 atógadh an foirgneamh agus bhí leabharlann agus músaem Dhún Garbhán suite ann go dtí 1999.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit