Na hEalaíona Traidisiúnta; an Ghaeltacht

Dúthaigh Gheal Déise

Seo suíomh idirlíon an togra amhránaíochta Dúthaigh Gheal Déise, a fuair tacaíocht airgid ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Phort Láirge, togra Ealaíon na Gaeltachta de chuid Údarás na Gaeltachta agus scéim DEIS na Comhairle Ealaíne. Gheobhaidh tú eolas ar an suíomh seo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Tá focail na n-amhrán le fáil ar an suíomh, chomh maith le físeáin de roinnt d’amhránaithe sean-nóis an cheantair agus iad i mbun amhránaíochta.


AineUiFhoglu
DeuglandePaor   DomhnallOCionnfhaolaidh
Áine Uí Fhoghlú
Déuglán De Paor
Domhnall Ó Cionnfhaolaidh
 EibhlinBnUiDhonnchadha  EibhlisToibinBeandePaor  MuirisOCriostoir
Eibhlín Bean Uí Dhonnchadha
Eibhlís Tóibín Bean De Paor
Muiris Ó Criostóir
 NioclasToibin  SeamusOCionnfhaolaidh  SeamusOCobhthaigh
Nioclás Tóibín
Seamus Ó Cionnfhaolaidh
Seamus Ó Cobhthaigh
TadhgCundun
Tadgh Cundún


Na hEalaíona Traidisiúnta agus na hEalaíona i gComhthéacs Gaeltachta

Gach Mac MatherBhí an saothar nua damhsa nua-aimseartha "Gach Mac Máthar" ar cheann de na príomhthionscadail i gcaitheamh 1998 -- thug "Gach Mac Máthar" an fhoirm chorraitheach damhsa seo le chéile leis an sean-nós.

Reáchtáladh ceardlanna damhsa i scoileanna roghnaithe i gcomhair leis an Scéim Choimisiún Damhsa de chuid na Comhairle Ealaíona, agus bhí léirithe ar siúl i gceithre óstán sa chontae. Chuir Fearghus Ó Conchúir, ar as an Rinn dó, an léiriú i láthair, i gcomhair leis an amhránaí traidisiúnta Ann Mulqueen.

Cuireadh an-suim sa saothar, rud a léiríonn gur féidir le húdarás áitiúil a bheith chun tosaigh mar gheall ar fhorbairt na n-ealaíon. Tar éis sin cuireadh an léiriú i láthair i gCo. Chiarraí agus san fhóram do dhamhsa nua-aimseartha i Londain i mí Eanáir 2000.

Add | Edit|Direct Edit