Caomhnú: Tabhairt isteach

Níl an comhad seo ar fáil as Gaeilge, cliceáil anseo le haghaidh an leagain Bhéarla.

Tá go leor foirgneamh den scoth i gContae Phort Láirge, ó chaisleáin agus tithe móra go dtí na "gnáthfhoirgnimh" inár mbailte agus cathracha. Ní hamháin go léiríonn na gnéithe ailtireachta seo an aimsir chaite; sainchomharthaí tíre is ea iad sa lá atá inniu ann. Taifead gan mhalairt is ea iad, a chuireann lenár dtuiscint den lá atá inniu ann agus den aimsir chaite. Ba cheart dúinn ár n-oidhreacht tógtha a chaomhnú ar son na nglúinte a bheidh amach romhainn.

Tacaíonn reachtaíocht le tuiscint thábhacht ár n-oidhreachta tógtha: san áireamh tá Cuid IV den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a dhéileálann le hoidhreacht ailtireachta. Tá sé de dhualgas, ar an ábhar sin, ar gach údarás pleanála na struchtúir seo, nó codanna dóibh, a chaomhnú. Séard a dhéantar ná Taifead Struchtúr atá faoi Chosaint (TSFC) a chur le chéile. Cuid de Phlean Forbartha an Chontae is ea an TSFC. Tá níos mó ná 500 struchtúr ar an TSFC do Chontae Phort Láirge; san áireamh tá tírdhreacha diméine, séipéil, droichid, tithe cheann tuí agus armlanna cloch.

Déan teagmháil leis an Oifigeach Caomhnaithe:
Rosemary Ryall
Facs: 058 45606
Ríomhphost: rryall@waterfordcoco.ie



Tá cathú orainn, ach níl an t-ábhar seo ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair.

26 Apr 2012 - Waterford Festival of Architecture

Annual Waterford Festival of Architecture

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit