Oidhreacht Thógtha

Foirgnimh agus Daoine

Tá daoine ag maireachtáil i gContae Phort Láirge le 7,000 bliain ar a laghad. Tá fianaise de shéadchomharthaí meigiliteacha idir ar an gcósta agus ar bhruachanna Abhainn na Siúire. Léiríonn uaimheanna talún agus liosanna lonnaíocht níos déanaí agus thángthas ar fhianaise de mhuileann luath uisce ón gcúigiú aois ag an Dúinín in aice le Cill Mhíodáin.

Tá go leor suíomhanna tábhachta luatha eaglasta ag baint leis an gcontae, mar shampla an ardeaglais íocónach Rómhánúil san Aird Mhór; agus spreagann ardeaglais an Leasa Mhóir in ómós do Naomh Mochuda, chomh maith, an-uamhan as a saoirseacht. Tá stoc tábhachtach tithe cheann tuí ag an gcontae - agus cuireann na hiarsmaí tírdhreachanna diméine lena "dtithe móra" go suntasach le hoidhreacht ailtireachta an chontae, chomh maith.

Tá go leor daoine suaitheanta ("mór le rá") tar éis a theacht amach as an gcontae. Tóg mar shampla Ernest Walton - a bhuaigh an duais Nobel don fhisic; rugadh é i nDún Garbhán. Rugadh Robert Boyle, eolaire agus cumadóir Dhlí Boyle, i Lios Mór, sa chaisléan. Ba duine suaitheanta é Richard Ussher i réimse na n-eolaíochtaí nádúrtha; lena fhoilseachán Éanlaith na hÉireann.

Add | Edit|Direct Edit