Achomhairc Phleanála
Cé atá i dteideal achomharc a dhéanamh?
Iarrthóir do chead agus aon duine, foras nó grúpa sainleasa a rinne aighneachtaí nó breithniú i scríbhinn go dtí an údarás pleanála mar gheall ar an iarratas pleanála de réir rialacháin cheada. Tá dhá eisceacht ann, áfach:
- Nuair a bhí forordaithe i dteideal a bheith curtha in iúl faoi iarratas pleanála ag an údarás pleanála agus nár cuireadh in iúl iad, is féidir leis an gcomhlacht iarratas a chur isteach in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil gan aighneachtaí nó breithnithe a bheith déanta aige faoin iarratas pleanála.
- Nuair atá suim ag duine i dtailte tadhlacha a bhfuil cinneadh déanta fúthu cead pleanála a bhronnadh, is féidir leis an duine sin iarratas a chur isteach go dtí an Bord le haghaidh ceada cur in aghaidh chinneadh an údarás pleanála.
Cathain achomharc a dhéanamh
Tá gá go bhfaighfidh an Bord achomhairc laistigh de cheithre sheachtain ón dáta a rinne an t-údarás pleanála an cinneadh.
Conas achomharc a dhéanamh
Tá gá gach achomharc a dhéanamh i scríbhinn agus tá gá é a sheoladh tríd an bpost go dtí:
An Rúnaí
An Bord Pleanála
64, Sráid Marlborough
Baile Átha Cliath 1
nó
Is féidir é a chur isteach de láimh go dtí fostaí den Bhord ag oifig an Bhoird i gcaitheamh uaireanta oifige. (Is ionann uaireanta oifige agus 9.15 go dtí 5.30 Luan go hAoine seachas ar shaoirí poiblí agus ar laethanta eile a mbíonn na hoifigí dúnta).
Tá gá leis an achomharc a bheith iomlán ón tosach – níl cead agat aon chuid de a chur isteach níos déanaí. Ba cheart don táille chuí a bheith in éineacht leis an achomharc. Braitheann an táille ar shaghas an cháis agus ar an reachtaíocht bhainteach.
Breithnithe agus aighneachtaí ar achomharc
Nuair atá achomharc déanta cheana, is féidir le duine eile a bheith ina “b(h)reathnóir” agus aigneacht a dhéanamh. Ba cheart do bhreathnóir a (h)aighneacht nó breithniú a chur isteach i scríbhinn, na rudaí seo a leanas san áireamh:
- Ainm agus seoladh
- An t-ábhar a bhaineann leis na haighneachtaí nó na breithnithe
- Cúinsí iomlána na n-aighneachtaí nó na mbreithnithe chomh maith le hábhar agus argóintí tacaíochta
- An táille chuí