Cur isteach ar Chead Pleanála

Lánchead Pleanála
Is é an saghas iarratais is coitianta a dhéantar ná iarratas le haghaidh ceada, tagartha go minic mar chead iomlán.

Cead Imlíneach Pleanála
Níl ann i gcead imlíneach pleanála ach cead i bhfoirm prionsabail amháin. Ní cheadaíonn sé obair a chur i gcrích. Ní foláir iarratas foirmiúil le haghaidh ceada a lorg agus é a bheith tugtha sula dtosaítear ar obair. Ní féidir iarratas imlíneach a chur isteach má tá gá le RTC (Ráiteas Tionchar Comhshaoil).

Cead de Thoradh Cead Imlíneach a Tugadh
Ní féidir cur isteach ar an saghas cead pleanála seo ach amháin sa chás gur tugadh cead imlíneach roimhe. Tabhair faoi deara nuair atáthar ag cur isteach ar chead de thoradh cead imlíneach gur gá an t-iarratas a dhéanamh faoi cheann trí bliana ón dáta ar ar tugadh an cead imlíneach.

Coimeád/Leanúint Úsáide
Nuair a chuirtear isteach ar choimeád fhorbairt neamhúdaraithe, tá gá coimeád a lua san fhógra poiblí agus tá gá nádúr úsáid molta an struchtúir a lua.
Nuair is iarratas le haghaidh leanúint úsáide atá ann, bíonn gá nádúr na húsáide agus aon úsáide roimhe a lua. Tá sainmhínithe éagsúla ag baint le leanúint agus molaimid go ndéanann tú teagmháil leis an oifig pleanála le cinntiú go dtuigeann tú na sonraí agus impleachtaí uile. De ghnáth is é an táille le haghaidh coimeád ná trí huaire an táille le haghaidh lánchead pleanála. Má tá níos mó eolais uait faoi tháillí féach ar an alt faoi tháillí pleanála.

Chun foirmeacha pleanála a íoslódáil, agus le haghaidh treoracha faoi conas iad a chomhlíonadh, cliceáil ar an roinn foirmeacha atá againn.

Brú anseo chun teacht ar nasc go dtí bileoga pleanála de chuid an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit