Dhá Chuid

Tá dhá chuid ag an gcóras pleanála: bainistíocht fhorbraíochta a phróiseálann iarratais phleanála aonaracha laistigh de chreatlach na bpolasaithe náisiúnta agus Phlean Forbartha an Chontae; agus pleanáil chun cinn a dhéileálann leis na polasaithe sin a fhoirmliú, a mhonatóiriú agus a athbhreithniú a bhfuil mar bhunús do na cinnidh a dhéanann údaráis phleanála áitiúla.

Is é is cúram don Rannóg Pleanáil Chun Cinn ná cur i bhfeidhm polasaí náisiúnta agus réigiúnach, agus treorú agus ullmhú Pleananna Forbartha, Pleananna Ceantair Áitiúil agus Sraitéisí. Déileálann pleanáil chun cinn le ráitis thionchar comhshaoil a sholáthraíonn le haghaidh chomhtháthú cúrsaí timpeallachta in ullmhú agus glacadh pleananna agus polasaithe.

Plean Forbartha an Chontae

An treoirphlean is ea an Plean Forbartha Contae le haghaidh phleanáil agus fhorbairt ceantar riaracháin údarás áitiúil. Leagann Plean Forbartha Chontae Phort Láirge amach na polasaithe pleanála iomlána le haghaidh Chontae Phort Láirge do thréimhse sé bliana. Tá sé comhdhéanta de ráiteas i scríbhinn agus sraith léarscáileanna.

Clúdaíonn an Plean Forbartha Contae reatha an tréimhse 2005-2011 agus leagann sé amach cuspóirí an údaráis áitiúil i gcomhair áiteanna ar leith a bhfuil daoine ina gcónaí, ag obair agus ag caitheamh aimsire iontu (is é sin le rá, ceantair chónaithe, ceantair thionsclaíocha, ceantair thalmhaíochta, spás oscailte srl.). Leagann sé amach chomh maith cuspóirí an údaráis áitiúil le haghaidh forbraíochta sa cheantar, feabhsúcháin bhóithre, cosaint na timpeallachta agus an dúchais, agus le haghaidh áiseanna a fheabhsú.

Déantar gach iarratas pleanála sa chontae a thomhais i gcoinne Phlean Forbartha an Chontae, agus de ghnáth ní thabharfar cead pleanála ach amháin nuair a théann an t-iarratas de réir pholasaithe an phlean. Gabhann léarscáileanna leis an bplean a léiríonn na ceantair éagsúla criosaithe mar cheantar cónaithe, tionsclaíocha agus réimse úsáidí eile. Léiríonn sé seo na saghasanna fobraíochtaí oiriúnacha arbh fhéidir cead pleanála a fháil dóibh. Má tá tú ag súil le cur isteach ar chead pleanála, tá sé inmholta féachaint ar Phlean Forbartha an Chontae ar dtús.

Caithfear obair ar phlean forbartha nua don chontae a chur le chéile ceithre bliana tar éis dháta an phlean dheireanaigh. Nuair atá Plean Forbartha Contae nua á ullmhú, is féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh sa chéad chéim nuair a fhoilsíonn an t-údarás áitiúil a mhian le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bplean. Cuirfear fógraí faoin mian seo i bpáipéir áitiúla nó náisiúnta. Is féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh i gcéim dhréachtú an phlean, agus más oiriúnach é ag céim an dréachtphlean leasaithe. Ag na hamanna seo go léir, d’fhéadfadh leis an bpobal breithnithe, aighneachtaí agus moltaí (laistigh de amscála sonraithe) a thabhairt faoina bhfuil á moladh ag an údarás áitiúil.

Déantar athbhreithniú lár téarma ar Phlean Forbartha an Chontae i rith a amscála. Rinneadh athbreithniú ar chur i bhfeidhm an phlean reatha sa bhliain 2007.

Athruithe

Rinneadh, nó tá roinnt athruithe á moladh le haghaidh criosaithe agus polasaithe mar a bhaineann siad le Plean Forbartha an Chontae ónar foilsíodh é i 2005. Ba chóir na hathruithe seo a léamh in éineacht le Plean Forbartha an Chontae.

Athrú 1 – Uasdhátú agus Athbhreithniú ar Straitéis Mhiondíola an Chontae
Athrú 2 – Aird Mhór
Athrú 3 – Coill Mhic Thomáisín
Athrú 4 – Ceantar Máguaird Dhún Garbhán
Athrú 5 – Polasaí Réigiúnach Bóithre
Athrú 6 – An tSráidbhaile
Athrú 7 – Polasaí Thurasóireacht Tuaithe
Athrú 8 – Straitéis Fhuinneamh Gaoithe

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit