Tá tábhacht straitéiseach ag baint le forbairt leanúnach an aerfoirt do Phort Láirge agus Réigiún an Oirdheiscirt ar fad.  Is é polasaí na Comhairle an aerfort a chosaint ó fhorbairt a bheadh comórtasach agus neamh-chomhoiriúnach.
Beidh forbairt srianta de réir riachtanais an ‘Rialú Forbairt Aerfoirt Phort Láirge’ atá léirithe ar Léarscáil an Aerfoirt agus Aguisíní 3 den Phlean.  Íoslódáil Léarscáil Aerfort Réigiúnach Phort Láirge (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Beidh forbairt thionsclaíoch, le riachtanais sainiúla maidir le suíomh ceadaithe ar an dtalamh criosaithe i gcomhair úsáid thionsclaíoch atá léirithe ar Léarscáil Criosaithe an Aerfoirt, mura bhfuil an fhorbairt ag spreagadh gáirsiúlacht atmaisféarach, nó ag mealladh slua éin nó ag spreagadh aon núis nó contúirt eile a chuirfeadh isteach ar oibriú sábhála agus éifeachtach an Aerfoirt.

Tá sé molta soláthar uisce Aerfoirt a fháil ó Scéim Sholáthair Uisce Phort Láirge Thoir sa todhchaí. Beidh cóireáil fuíoll-uisce ag teastáil d’fhorbairt thionsclaíoch ag an Aerfort.

Beidh an tÚdarás Áitiúil ag obair le hÚdarás an Aerfoirt i bhforbairt an Aerfoirt.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit