Láthair
Tá baile cósta na hÁirde Móire timpeall 14 mhíle ó Dhún Garbhán agus 10 míle ó Eochaill i gContae Chorcaí. Íoslódáil Léarscáil Aird Mhór (74kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Sráidbhaile mór bunaithe ar thurasóireacht é Áird Mhór lé trá breá mar lárphointe. Tá raon seirbhísí ar fáil, san áireamh bialann, óstán, agus seirbhísí eile atá riachtanach. Ceann scribe coitianta is ea Áird Mhór i gcomhair saoire siúil toisc go bhfuil go leor bealaí siúil do chuairteoirí agus don phobal áitiúil; mar shampla, Bealach Naomh Dhéagláin, Cosán Oilithrigh idir Ionaid ársa eaglasta na hAirde Móire agus an Leasa Mhóir, agus bainfear an-úsáid as an Siúlóid Aille mar Bhealach Siúil, le radharcanna áilne den chósta.
Bonneagar
Is ar éigean go bhfuil an taisceadán uisce san Áird Mhór maith go leor faoi mar atá sé faoi láthair don phobal áitiúil, agus bíonn brú ar an soláthar sna háirde ó dheas ón tsráidbhaile. Chomh maith leis sin, cuirtear uisce ón Áird Mhór go dtí An Ghráinseach. Tá comhairleoirí ceaptha (i 2004), chun reámh-chuntas a dhéanamh maidir le feabhsú Córas Uisce na hÁirde Móire. Tá moladh diongbháilte do chóras nua cóireála uisce dramhaíola faoi Scéim na “7 mBailte” agus tá tógáil le tosú go luath i 2007.
Straitéis Fhorbartha
Thar tréimhse an Phlean is déanaí tá forbairt mhór de thithe ‘turasóireachta’ déanta. Tá an sórt seo forbartha ag déanamh mí-chothromais sa phobal eiseach agus caithfear srian a choimeád ar fhorbairt sa todhchaí chun pobal marthanach a chur chun cinn. Chuige seo freisin, tá talamh criosálta do thionsclaíocht chun aonaid thosaithe agus fiontair tionsclaíochta éadrom a ghríosú, mar mheán criosaithe chun fórsa oibre na hÁirde Móire agus an ceantar máguaird a chothú.
Déanfar tosaíocht ar chriosú cónaitheach ar an dtaobh thiar agus ó thuaidh don bhaile, áit a bhfuil an tír ghné íseal agus na fána íosta.
Tugann an suíomh cósta, an ailtireacht áitiúil, agus na seod chomharthaí eaglasta cuma spéisiúil don Áird Mhór. Mar sin féin, dhéanfadh sé maitheas athrú agus feabhsú a dhéanamh ar an sráid agus ar lár an bhaile (taobh amuigh den séipéal). Chomh maith leis sin, tá cúpla sean-theach briste agus suíomhanna tréigthe suite laistigh de theorainn na forbartha a gcaithfear díriú orthu thar tréimhse an chéad phlean eile. Tá ceantar criosaithe na hÁirde Móire á thaispeáint ar Léarscáil Criosáilte d’Úsáid Talún Árd Mhóir.
Ní dócha go nglacfaí le haon fhorbairt a dhéanfadh díobháil d’uisce snámha agus dá réir do shláinte daonna.