Láthair
Tá sráidbhaile an Bhaile Dhuibh suite timpeall 18 míle siar ó Dhún Garbhán.  Sráidbhaile pictiúrtha is ea é ina bhfuil fána géar go leor sa talamh.  Íoslódáil Léarscáil  An Baile Dubh (Iarthar an Chontae) (444 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Tá raon seirbhísí mór go leor ag an mBaile Dubh le freastal ar riachtanais an phobail áitiúil.

Bonneagar
Is é soláthar uisce LCB (An Lios Mór/Ceapach Choinn/Baile Dubh) a fhreastalaíonn ar an mBaile Dubh, tá sé i gceist feabhas a chur air le linn tréimhse an Phlean Forbartha. Tá séarachas poiblí ag an mBaile Dubh ach tá easpa an-mhór ar an gcóras cóireála i láthair na huaire. Tá moltaí do chóras séarachais nua istigh le Clár Infheistíochta um Sheirbhísí Uisce an Rialtais 2004 – 2006. Tá fadhb ag baint le ceangail bhreise mar gheall ar an bhfána atá ag baint leis an dtalamh nach bhfuil forbartha.

Straitéis Fhorbartha
I láthair na huaire tá an fhorbairt sa Bhaile Dubh tarlaithe ar an Sráidbhaile Uachtarach agus trasna na habhann (An Abhainn Mhór) ar an Sráidbhaile Íochtarach, an ceann is lú den dá lonnaíocht. Cé nach raibh mórán forbartha ar súil sa Bhaile Dhubh le blianta beaga anuas tá bac á chur ar a thuilleadh forbartha mar gheall ar an dteorainn nadúrtha atá timpeall an Bhaile Dhuibh. Cé go bhfuil deiseanna ann d’fhorbairt chónaithe, níl aon chuid den talamh seo oiriúnach d’fhorbairt mhór mar gheall ar an bhfána atá ag baint leis an áit. Caithfear déileáil le h-iarratais phleanála de réir mar a oirfidh.

Braithfidh aon fhorbairt san áit seo ar an gcóras séarachais poiblí atá ann i láthair na huaire, mar tá uisce talún an Bhaile Dhuibh aitheanta a bheith oscailte do thruailliú. Moltar d’iarrthoirí a gcuid iarratais a phlé sar a gcuireann siad isteach ar chead pleanála.

Tá níos mó fadhbanna ag baint le forbairt ar an dtaobh ó dheas de shráidbhaile an Bhaile Dhuibh de bharr cúiseanna éagsúla, is iad sin, ard na dtailte atá le fáil agus an fhadhb a bhaineann le córas séarachais a chur ar fáil ina leithéid d’áit.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit