Láthair
Tá lonnaíocht an Bhaile Nua suite timpeall 3 chiliméadar soir ó thuaidh ó Choill Mhic Thomáisín, le slí amach éasca go dtí an N25 go dtí Port Láirge níos lú ná ciliméadar ón mbaile.  Íoslódáil Léarscáil An Baile Nua (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Tréithe
Tá an talamh sa cheantar suite lastuas de scoilteán sreabhadh h-uiscíoch de thábhacht réigiúnach, agus tá baol truailliú ó screamh-uisce atá idir ard agus measartha ann. Titeann na talúin i dtreo an oir-dheiscirt i dtreo an N25.

Tá fallaí cloiche agus foirgnimh dhathúla le feiscint sa Bhaile Nua, agus crainn aibí cosúil le Seiceamar, Fuinseog agus Dair chomh maith. Ba cheart aird a thabhairt ar chosaint agus cur chun cinn na dtréithe seo in aon mholadh i gcomhair dearaidh don cheantar.

Tá dhá Shéadchomhartha Cláraithe ar an dá thaobh don thalamh crioslaithe, ceann amháin ag an gcrosbhóthar (WA010777) agus ceann eile ar an dtaobh eile den bhóthair in aice leis an Séipéal Caitliceach (WA01041).

Áiseanna agus Seirbhísí
I measc na n-áiseanna pobal atá ar fáil i mBaile Nua tá Séipéal agus Bunscoil. Tá cead pleanála faighte i gcomhair seomra ranga réamhdhéanta sealadach ar bhunús tréimhse teoranta 7 mbliana.  Tá páirc C.L.G an Bhaile Nua suite lasmuigh don lonnaíocht, timpeall 2 chiliméadar ó thuaidh ó Chrosaire Bhaile Nua. Tá seirbhísí breise ar fáil i bhfoirm dhá thigh tábhairne, siopa áitiúil agus garáiste deisiú fheithiclí. Táid ar fad suite timpeall nó in aice na scoile.

Bonneagar
Níl aon chóras diúscairte camras nó soláthar uisce poiblí ag Baile Nua. Chomh maith le seo, níl aon abhainn, sruth nó pointe scaoileadh in aice an bhaile. Tá aon shrian maidir le forbairt ceangailte leis an easnamh bonneagar mar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí fhorbartha déileáil leo seo in aon iarratas, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2. Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.
 
Straitéis Fhorbartha

Cuirfear pointe rochtana ar bhóthar straitéiseach ar fáil agus coimeádfear é don todhchaí, ar mhaithe le haon talamh nach bhfuil teacht aige ar, nó mar bhealach rochtana sa todhchaí. Ba cheart moltaí d’fhorbairt ar an tsaghas talún criosaithe seo (m.sh. an pháirc in aice leis agus taobh thiar don shean chaidéal láimhe) a chur san áireamh in aon mholadh sa todhchaí. Tá straitéis fhorbartha i gcomhair an Bhaile Nua curtha ar fáil sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Beidh polasaithe agus spriocanna  Straitéis Lonnaíochta an Chontae, mar atá léirithe i gCaibidil 3 don Phlean Forbartha, infheidhme chomh maith. 

Beidh ar aon mholadh i gcomhair forbartha ar an dtalamh criosaithe, ar an dtaobh theas don bhóthar áitiúil scáthú a dhéanamh ar an bhforbairt ón N25 a chur san áireamh.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit