An Baile Nua (Villierstown)
Láthair
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Tá daonra an Bhaile Nua ag fás agus tá bunús seirbhíse beag ann. Tá an-deis ann chun é seo a mhéadú. Faoi láthair tá tigh tábhairne, bunscoil, séipéal agus fón poiblí ann.
Tréithe
Tógtha sa 18ú haois chun áis a thabhairt do thionscal fíodóireachta an línéadaigh, tá tithe chloiche ar an mBaile Nua agus tá duaiseanna buaite acu sa chomórtas náisiúnta Bailte Slachtmhara. Feidhmíonn séadchomhartha an bhaile, an séipéal, agus na leaca phábhála nó ‘plaza’, ar fuaid an phríomh-shráid, mar phointe fócais cuimsitheach an sráidbhaile.
Bhí trácht trádálach sa Ché (laistigh de leath-chiliméadar ón bpríomh shráid) ag am trátha ar an Abhainn Mhór, agus is áit coitianta é anois i gcomhair bádóireachta, iascaireachta agus luaimhearachta.
Tá an Baile Nua tréithrithe chomh maith ag na spásanna oscailte pleanálaithe, agus na ballaí teorainn cloiche.
Ba cheart cosaint agus cur chun cinn na tréithe seo a bheith mar sprioc ag aon mholadh forbartha nó dearadh don cheantar
Bonneagar
Tá an soláthar uisce sa Bhaile Nua sásúil don daonra faoi láthair, agus tá beagán acmhainn i gcomhair a thuilleadh forbartha.
Tá gá le huasghrádú ar an gcóras diúscairte séarachais sa Bhaile Nua. Tá tógail le tosnú ar ghléasra chóireáil fuíoll-uisce go déanach i 2005 mar chuid don Thionscnamh Talamh Seirbhísithe Chontae Phort Láirge (SLI).
Tá aon shrian maidir le forbairt ceangailte leis an easnamh bonneagair mar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí forbartha déileáil leis seo in aon iarratas, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.
Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.
Straitéis Fhorbartha
Ba cheart go mbeadh tithe nua ann chun lár an bhaile a daingniú, cabhróidh sé seo chun aon tionchar forbartha a laghdú sa bhaile radharcach seo. Tá an straitéis fhorbartha don Bhaile Nua mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún, agus tá sé deartha chun réimsí forbartha difriúla a tharraingt le chéile chun núicléas daingean a bhunú sa bhaile. Beidh na h-Údaráis Phleanála ag iarraidh forbairt ar an dtalamh criosaithe in aice an bhaile a chur chun cinn. Ba cheart do mholtaí fhorbartha cabhrú chun áis a thabhairt do rochtain ar thalamh cúil sa todhchaí, talamh gan aon theacht ar bhóthar ann. Cinnteoidh sé seo go mbeidh an baile conláisteach sa todhchaí agus ceadaíonn sé méadú eacnamaíoch dos na seirbhísí sláintíochta do thithe nua. Beidh polasaithe agus spriocanna Straitéis Lonnaíochta an Chontae, mar atá léirithe i gCaibidil 3 den Phlean Fhorbartha, infheidhme chomh maith .