Láthair
Tá an lonnaíocht beag seo suite ar thaobh an N25 timpeall 7 gciliméadar ó Chathair Phort Láirge. Íoslódáil Léarscáil An Bán Fionn (409 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Tréithe
Lonnaíocht sean-bhunaithe agus pleanáilte go maith is ea Bán Fionn, agus ní féidir na tithe atá ann cheana féin a fheiscint ón mBóthar Náisiúnta mar gheall ar an bhfásra aibí.
Áiseanna agus Seirbhísí
I láthair na huaire, níl aon áiseanna ann don phobal nó seirbhísí ag an mBán Fionn, cé go bhfuil séipéil Chill Odhráin agus Bhaile an Abhallortaigh 2 chiliméadar ón áit agus mar an gcéanna le Bunscoil Bhaile an Bhuitléaraigh agus Ionad Athchúrsála.
Bonneagar
Tá soláthar uisce poiblí agus mion-chóras séarachais ag an mBán Fionn. Níl an córas cóireála fuíoll-uisce agus cur de láimh maith a dhóthain mar gheall ar chionníollacha silidh. Beidh forbairt ag braith ar chóras cóireála fuíoll-uisce breise a bheith ar fáil, bíodh sé scartha nó comhchoiteann. Caithfear na cúrsaí seo a phlé agus a bheith inglactha ag Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge, sula gcuirfear aon iarratas forbartha isteach ag lorg Cead Pleanála.
Straitéis Fhorbartha
Léirítear an straitéis fhorbartha atá leagtha amach don Bhán Fionn ar Léarscáil Chriosaithe an Bháin Fhinn d’Úsáid Talún. Beidh polasaithe agus aidhmeanna straitéise Lonnaithe an Chontae, mar a léirítear i gCaibidil 3 den Phlean Forbartha, i gceist chomh maith.
Déanfar Plean Staidéir ar an N25 agus an talamh mórthimpeall idir teorainn Chathair Phort Láirge agus Cill Mhíodáin, tá sé geallta go mbeidh an obair seo déanta laistigh de thréimhse bliana ó uchtú an Phlean Forbartha Chontae. Pléifidh an Plean Staidéir go mion le haighneachtaí curtha isteach le linn próiseas athbhreithnithe an Phlean Forbartha.
Ní bheidh aon fhorbairt ceadaithe go dtí go bhfuil na nithe seo a leanas in áit:
a) Seirbhísí poiblí cuí
b) Seachbhóthar Chathair Phort Láirge (N25)
c) Tá Comhairle Contae Phort Láirge tar éis glacadh leis an bPlean Staidéir thuasluaite