Láthair
Tá baile na Cille suite timpeall 6 chiliméadar ón N25 (ag úsáid an bóthar áitiúil L4015 ag dul ó thuaidh ón bhaile) agus 14 chiliméadar ó Chathair Phort Láirge ag úsáid an R681. Íoslódáil Léarscáil An Chill (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Tréithe
Tá an talamh sa cheantar seo suite lastuas de scoilteán sreabhadh uiscíoch atá tábhachtach don réigiún, agus tá sé an-shoghonta do thruailliú an screamh-uisce. Tá titim na talún taobh thoir agus taobh thiar don chrosbhóthar.
Tá An Chill tréithrithe ag na bóithre línte le crainn aibí ar an dá thaobh den bhóthair, ar dhá bhóthar isteach ar a laghad, agus fallaí cloiche. Tá roinnt thithe le díon tuí cóngarach don bhaile chomh maith.
Caithfear cosaint agus cur chun cinn na dtréithe seo a chur isteach in aon mholadh i gcomhair dearadh san áit.
Áiseanna agus Seirbhísí
Tá réimse seirbhísí réasúnta leathan sa Chill, ar nós bunscoil, séipéal Caitliceach, halla an pharóiste, stáisiún na nGardaí agus páirceanna C.L.G.
Tá seirbhísí breise ar nós trí thigh tábhairne, siopa/oifig an phoist, bialann bheag agus guthán poiblí ag an gcrosbhóthar.
Bonneagar
Tá soláthar uisce poiblí sa Chill atá sásúil don dhaonra faoi láthair, ach tá acmhainn theoranta i gcás éilimh breise. Tá an córas diúscairte agus cóireála fuíoll-uisce poiblí lán i dtéarmaí acmhainn chomhshamhlú an cúrsa uisce. Beidh aon fhorbairt eile ag braith ar chóras cóireála fuíoll-uisce oiriúnach ar leith nó comhchoiteann a chur ar fáil.
Beidh aon chosc ar fhorbairt bainteach leis an easnamh bonneagair atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí forbartha déileáil le seo chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua mar atá léirithe i Roinn 9.2.
Beidh sé riachtanach na h-ábhair seo a phlé leis an Rannóg Seirbhísí Sláintíochta i gComhairle Contae Phort Láirge, sar a gcuirfí aon mholadh i gcomhair forbairt nua isteach ag lorg Cead Pleanála.
Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha don Chill mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Chriosaithe d’Úsáid Talún na Cille. Beidh polasaithe agus spriocanna Straitéis Lonnaíochta an Chontae, mar a léirítear i gCaibidil 3 den Phlean Forbartha, infheidhmithe chomh maith.