Sa straitéis áitrithe don chuid eile den chontae spreagfar forbairt sna lárionaid chónaithe aitheanta atá ann faoi láthair.

Cothóidh agus neartóidh an polasaí seo beocht sna h-ionaid seo agus déileáiltear le fadhb na forbartha ribíneach. Pé scéal é, caithfear a lán infheistiú a dhéanamh i seirbhísí séarachais toisc go bhfuil córas séarachais agus soláthar uisce de chaighdeán íseal in an-chuid de na h-áitribh seo. Daingneoidh an polasaí seo struchtúr sóisialta sna sráidbhailte agus tiocfaidh feabhas ar chaighdeán marachtála na ndaoine agus iad san atá sna ceantair mháguaird.
Cuirfidh an straitéis lonnaíochta breis thalún criosaithe ar fáil le h-aghaidh forbartha sna h-ionaid tofa. Cinnteoigh sé seo go mbeadh talamh ar fáil le h-aghaidh tithíochta sna h-áiteanna seo le linn tréimhse an phlean agus laghdú ar éileamh tithe aonaracha in áiteanna le radharc. Maraon leis an straitéis, coimeádfear smacht ar shuíomh tithe sna h-áiteanna seo ar na cúiseanna seo a leanas:

1 Tá siad aitheanta sa luacháil tíre mar áiteanna faoi leith go bhfuil tréith aonchineálach acu. Cuirfeadh forbairt isteach ar chuma agus ar charactar an-chuid den timpeallacht.
2 Go bhfuil limistéir oidhreachta, dhúchasacha anseo a chothaíonn plandaí agus ainmhithe sa staid nádúrtha, gan Drom Fhínín agus sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh a thógaint san áireamh (lch.15 Meastóireacht ar Theidil Timpeallachta in Éirinn: An Chomhairle Oidhreachta 1997).
3 Gur aimsíodh bealaí uisce faoi thalamh, atá tábhachtach don réigiúin, go ndéanfadh uisce truaillithe an-dochar dóibh.
 
Pointe tábhachtach sa straitéis ná ainmniú roinnt lár-ionaid lonnaíochta nua i ngiorracht do Charraig na Siúire agus Eochaill. D’fhás an dá bhaile le blianta beaga anuas agus tháinig méadú ar iarratais phleanála dá bharr le h-aghaidh tithe aonaracha sa cheantar máguaird i gContae Phort Láirge. Mar thoradh ar sin, cruthaíodh lárionad nua lonnaíochta  i mBaile an Phoill (chun freastal ar mhéadú Eochaille) agus tá breis talún criosaithe le h-aghaidh forbartha ag Ráth Ó gCormaic agus Cluain Fhia Paorach.  Is mar thoradh ar an síor bhrú le h-aghaidh forbartha sna h-áiteanna seo an polasaí seo. 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit