Láthair
Tá sráidbhaile na Cruaice suite timpeall míle amháin ar an dtaobh ó dheas den Phasáiste Thoir agus 8 mhíle ó Chathair Phort Láirge. Íoslódáil Léarscáil An Crúc (409 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Roinntear bun-sheirbhísí agus áiseanna pobal na Cruaice le sráidbhaile atá in aice láimhe, is é sin, An Pasáiste Thoir. Is iad na seirbhísí a roinntear ná séipéal, scoil, páirc imeartha agus siopaí áitiúla.
Bonneagar
Tá acmhainn theoranta ag córas séarachais agus cóireála na Cruaice. Tá gá le córas cóireála fuíoll-uisce le freastal ar na forbairtí go léir. Fadhb uisce a chur ar fáil toisc go bhfreastalaíonn an gréasán soláthair ar Phointe na Síge agus ar an bhFaithling agus cuireann sé isteach ar an soláthar suas an abhainn má tá éileamh breise in aon áit eile. Tá moladh chun an soláthar uisce a fheabhsú sa cheantar istigh le Clár Infheistíochta um Sheirbhísí Uisce an Rialtais, 2004 – 2006, mar scéim atá glactha le bheith istigh sa chóras pleanála.
Straitéis Fhorbartha
Tá an-chuid talún criosaithe d’fhorbairt go háirithe ar an dtaobh thiar, thiar-thuaidh agus thiar-theas de chroí-lár an tsráidbhaile. Tá baint ag srian ar fhorbairt le h-easpa bhonneagair mar atá léirithe thuas agus caithfidh moltaí fhorbartha ar bith do chead pleanála a bheith aireach faoi seo chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua i Roinn 9.2.
Ní cheadaítear aon fhorbairt ar thalamh atá criosaithe d’úsáid chónaitheach ar an dtaobh ó thuaidh den sráidbhaile ach amháin nuair a bheidh séarachas ar fáil ón sainmheáchain.