Láthair
Tá sráidbhaile na hEaglaise timpeall 2.5 cm. soir ó dheas ón mBaile Nua agus timpeall 15 cm. ó Dhún Garbhán. 

Íoslódáil Léarscáil An Eaglis (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le  Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Tréithe
Tá An Eaglais tréithrithe ag foirgnimh chlocha, agus fallaí, le crainn timpeall ar an slí isteach agus taobh istigh don bhaile féin. Tá spás oscailte poiblí ag na crosairí agus ag reilig chomh maith, in aice an tsrutháin ag rith tríd an bhaile, tá sé coimeádta agus plandáilte go maith. Ba cheart na tréithe seo a chomhshnaidhme isteach le h-aon mholadh don áit.

Seirbhísí
Tá bonn pobail agus seirbhíse maith san Eaglais, garáiste peitril agus siopa, dhá phub áitiúil, bunscoil, páirc CLG, oifig agus halla pobail, san áireamh. Tá seirbhís poist sa tsiopa. Chomh maith leis sin tá seirbhís theachtaireachta lonnaithe sa bhaile.

Bonneagar
Ta córas uisce teoranta ag Eaglais. Bheadh gá le hathghrádú a dhéanamh ar an dtaisceadán uisce dá ndéanfaí aon tógra forbartha do níos mó ná 20 aonad a fhorbairt ann. Tá córas beag séarachais poiblí ann chomh maith chun déileáil leis na tithe eiseacha. Tá beagán spás breise fós sa chóras, cé go bhfuil gá leis na caidéil a ghrádú suas. Déanfar an córas cóireála uisce dramhaíola a fheabhsú faoin Scéim Thionscain Talamh Ionaltais (STTI) laistigh do thréimhse an phlean.Táthar ag súil tús a chur le tógáil go déanach i 2005.

In ainneoin aon bhac ar fhorbairt bainteach le heasnamh sa bhonneagar mar atá ráite thuas, caithfidh moltaí forbartha déileáil leis seo in iarratais do chead pleanála chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua léirithe i Roinn 9.2.

Ní mór na cúrsaí seo a phlé leis an Rannóg Seirbhíse Sláintíochta do Chomhairle Contae Phort Láirge, sar a gcuirfí aon mholadh forbartha chun cinn  gcomhair Chead Pleanála.

Straitéis Fhorbartha Tá forbairt eiseach na hEaglaise líneach agus scaipthe thar chúig acomhail difriúla. Tá an straitéis forbartha deartha chun na tointí difriúla a thabhairt le chéile chun núicléas daingean a bhunú sa bhaile.

Tá go leor talún ar fáil san Eaglais taobh istigh don teorainn fhorbartha atá molta, talamh cúla oiriúnach forbartha san áireamh.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit