Láthair
Tá an Fhaiche suite an fhaid chéanna ó Léim Uí Bhriain (5 chiliméadar go dtí an iardheisceart) agus ó Choill Mhic Thomáisín (5 chiliméadar oirthuaisceart), le slí amach éasca go dtí an N25 go Port Láirge timpeall ciliméadar amháin ó thuaidh ón lonnaíocht. Íoslódáil Léarscáil An Fhaiche (271 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Tréithe
Tá an talamh sa cheantar suite lastuas de scoilteán sreabhadh uiscigh de thábhacht réigiúnach, agus tá sé an-shoghonta chun truaillithe. Tá an titim thalún soir ó dheas go ginearálta.
Tá an Fhaiche rangaithe ag a nádúr tuaithe, agus an dá bhóthar línte le crainn trí lár an bhaile.
Caithfear cosaint agus cur chun cinn na dtréithe seo a chur isteach in aon mholadh dearadh i gcomhair na h-áite.
Tá roinnt séadchomhartha ar taifead timpeall ar an lonnaíocht. Is iad:
WA01903
WA01904
WA01906
WA01907 - 10
Áiseanna agus Seirbhísí
Tá bunús seirbhíse an Fhaiche teoranta, agus is é an séipéal an t-aon áis phobail atá ann.
Bonneagar
Tá soláthar uisce poiblí ag an bhFaiche atá sásúil don éileamh faoi láthair, ach tá acmhainn theoranta ann le h-aghaidh a thuilleadh éilimh. Níl aon chóras diúscairte dramhaíola poiblí ann.
Beidh forbairt ag braith ar a thuilleadh foráil uisce agus ar chóireáil fuíoll-uisce trí chórais ar leith nó comhchoiteann.
Beidh aon chosc ar fhorbairt bainteach leis an easnamh ar bhonneagar a cuireadh in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí forbartha soláthar do seo in aon iarratas, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.
Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair an Fhaiche curtha in iúl sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún an Fhaiche.Beidh polasaithe agus spriocanna Straitéis Lonnaíochta an Chontae, mar atá léirithe i gCaibidil 3 den Phlean Forbartha, infheidhme chomh maith.
Cuirfidh aon fhorbairt ar thalamh atá criosaithe d’úsáid chónaitheach in aice an tséipéil bealach isteach ar fáil go dtí talamh ar chúl i gcomhair forbartha sa todhchaí agus bealach isteach chun na Páirce Imeartha.