Láthair
Roghnaíodh Caisleán Cuanach mar nód lonnaíochta toisc an pobal atá bunaithe ann cheana, agus tá deis ann chun ionad daonra inbhuanaithe a bhunú in áit le patrún tithíochta scaipthe. Íoslódáil Léarscáil an Ghráinseach (241 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Lonnaithe ag crosbhóthar, tá Caisleán Cuanach timpeall 8.5 ciliméadar siar ó dheas ó Chluain Meala, agus 3 chiliméadar siar ó thuaidh ó Bhaile Mhac Cairbre. Tá sé tréithrithe ag líne forbartha cónaithe ar an mbóthar a leathnaíonn ón séipéal, atá i lár an bhaile. Tá forbairt 6 iostán leathscoite nua-aimseartha le pointe rochtana amháin agus bóthar, áfach. Tá cead pleanála faighte ag Bord Sláinte an Oirdheisceart i gcomhair Ionad Sláinte laistigh den fhorbairt.
Tá bunscoil Chaisleán Cuanach dícheangailte ón lonnaíocht, agus tá sé ag scaradh imeall an Bhóthair Réigiúnach R671, a cheanglaíonn Dún Garbhán agus Cluain Meala.
Seirbhísí
Tá bunscoil agus séipéal díreach in aice le Caisleán Cuanach. Is gá do mhuintir na h-áite taisteal chuig Baile Mhac Cairbre nó Cluain Meala do sheirbhísí eile.
Bonneagar
Tá lonnaíocht Chaisleán Cuanach ag úsáid an fhoinse uisce chéanna le Baile Mhac Cairbre, ach níl córas cóireála fuíoll-uisce comhchoiteann aige. Beidh sé riachtanach sa todhchaí, go mbeidh moltaí i gcomhair cóireáil fuíoll-uisce inbhuanaithe agus soláthar uisce sásúil i ngach iarratas pleanála i gcomhair eastáit thithíochta. Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge sar a ndéanfaí iarratas pleanála.
Beidh an chomhairle ag spreagadh na forbróirí atá ag teacht dul isteach i gcomhaontú páirtíochta chun na bonneagair atá riachtanach chun forbairt na n-eastát seo a chur chun cinn.
Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair bhaile Chaisleán Cuanach mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Úsáidfear polasaithe agus spriocanna na gCaighdeán Forbartha, mar atá léirithe i gCaibidil 9, mar threoirlínte chun moltaí forbartha a chur ar eolas. Chun a bheith cinnte go bhfuil an lonnaíocht cosanta ó fhorbairt de scála nach bhfuil oiriúnach, beidh sé riachtanach go mbeidh na scéimeanna seo bainteach le h-acmhainn an phobail chun comhshamhlú leis an bhforbairt.