Láthair
Tá an Pasáiste Thoir suite timpeall 6 mhíle ó Chathair Phort Láirge ar shuíomh álainn radharcach ar an gcósta.  Íoslódáil Léarscáil An Pasáiste Thoir (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Tá bunús seirbhísí réasúnta leathan ag an bPasáiste Thoir, ag tógáil méid an bhaile san áireamh. Tá oifig eolais turasóireachta sa Phasáiste Thoir, agus seirbhís fharantóireachta rialta go dtí Baile Hác i gContae Loch Garman.

Tionscnamh
Tá cúpla duine áitiúil fostaithe sa tionscal iascaireachta beag séanmhar atá sa Phasáiste Thoir.

Bonneagar
Tá soláthar uisce agus córas diúscairte séarachais ag an bPasáiste Thoir atá sásúil i gcomhair an éilimh atá air.. Ní bheidh a thuilleadh acmhainn riachtanach sa Phasáiste Thoir mar tá sé neamhchosúil go mbeidh sé ag teastáilt le linn tréimhse an Phlean.

Straitéis Fhorbartha
Tá an fhorbairt faoi láthair bailithe timpeall ar an gcé. Ní féidir aon fhorbairt tarlú thimpeall ar an sráidbhaile toisc na srianta a bhaineann leis an suíomh (féach Léarscáil). Tá roinnt deiseanna i gcóir inlíonadh mothálach agus athchóiriú ar fhoirgnimh thréigthe. Ba cheart iarrachtaí i gcomhair aon fhorbairt nua sa cheantar a bheith d’ard-chaighdeán ó thaobh dearaidh, chun a bheith comhsheasmhach leis an bhforbairt reatha

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit