Cúlra
Tá polasaí criosaithe don Phlean Gníomhaithe don Rinn - Sean Pharóiste Heilbhic (2001), curtha as feidhm ag an mapáil sa Phlean Forbartha, ach beidh na prionsabail dhearadh atá riachtanach ó thaobh Phlean Ghníomhaithe an Cheantair ar bun go dtí go gcuirtear lámhleabhar dearadh ar fáil (mar a léiríodh in 8.2). Íoslódáil Léarscáil An Seanphobal agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Láthair
Tá an Seanphobal suite laistigh de Ghaeltacht an Chontae, agus os cionn lonnaíochtaí Maoil a’ Chóirne, Baile na nGall agus Heilbhic.
Seirbhísí
Níl mórán tithíocht chónaithe sa cheantar féin, ach tá roinnt seirbhísí poiblí ar fáil ann ar nós bunscoil agus séipéal. Ceadaíodh pleanáil i 2003 d’ionad pobail agus naíolann in aice leis agus soir ón séipéal, le rochtain go dtí talamh cúil agus páirc sacair sa todhchaí.
Níl ach seirbhís sholáthair uisce agus córas séarachais poiblí teoranta ag an Seanphobal.
Beidh sé riachtanach de réir na comhairle, go mbeidh moladh i gcomhair chóireáil inbhuanaithe/ uasghrádú soláthar uisce agus chóireáil fuíoll-uisce i ngach iarratas pleanála.
Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a dhéanamh.
Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair an tSeanphobail léirithe i Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún an tSean Phobail. Tá aon chosc ar fhorbairt bainteach leis an easnamh bonneagar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí forbartha déileáil leis seo chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2.