Láthair
Tá an An Trá Mhílis suite timpeall 2.5 chiliméadar ó dheas ón bhaile Chrúic, agus leath slí idir Cathair Phort Láirge (9 cm) agus An Dún Mhór. Íoslódáil Léarscáil An Trá Mhílis (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Tá bonn an-teoranta seirbhísí ag An Trá Mhílis, atá dírithe ar thurasóirí don chuid is mó. Tá tigh tábhairne/siopa áitiúil ann, láthair charbhán agus tithe aíochta sa cheantar máguaird. Tá forbairt tithe saoire lonnaithe ag Teach agus Eastát Thrá Mhílis. Tá leithreas poiblí agus áis pháirceála do charranna in aice leis an tráigh. Tá feirm oisirí sa cheantar cheana fhéin.
Tréithe
Le trá fhada ghainimhe agus cnoic le coillte ar chúl, ceann scríbe coitianta is ea é i gcomhair turasóirí lae. Taitníonn an ceantar ciúin seo le teaghlaigh agus tá bealaí siúil ann a mheallann daoine chomh maith. Ba cheart go mbeadh caomhnú agus cosaint na tréithe seo mar aidhm ag aon mholadh forbartha nó deartha don cheantar seo.
Bonneagar
Níl séarachas poiblí sa Trá Mhílis. Tá soláthar uisce poiblí o Bhelle Lake atá teoranta o thaobh acmhainne de.
Straitéis Fhorbartha
Tá tailte an Trá Mhílis criosaithe i gcomhair úsáid turasóireachta d’fhonn leathnú amach teoranta d’áiseanna an cheantair a cheadú. Tá baint ag an gcosc ar fhiorbairt leis an easnamh bonneagair thuasluaite agus freastalóidh aon mholtaí forbartha ar an easnamh seo in aon iarratas i gcomhair pleanála, agus beidh an tÚdarás Pleanála sásta go bhfuil siad ag feidhmiú de réir na caighdeáin I gcomhair forbartha nua turasóireachta atá luaite i Rannóg 9.4.
Ní mór na cúrsaí seo a phlé leis an Rannóg Seirbhíse Sláintíochta do Chomhairle Contae Phort Láirge, sar a gcuirfí aon mholadh forbartha chun cinn do Chead Pleanála.
Beidh polasaithe agus aidhmeanna na Comhairle maidir le turasóireacht, mar atá imlínte i Rannóg 6.7 den Phlean Forbartha infheidhmithe.