Láthair
Tá baile na Trá Móire, an baile is mó sa chontae, suite 26 mhíle ó Dhún Garbhán.  Íoslódáil Léarscáil An Trá Mhór agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Tá bunús seirbhíse sásúil agus réimse leathan áiseanna pobal ar fáil sa Trá Mhór.

Bonneagar
Tá an Trá Mhór ceangailte leis an Scéim Sholáthair Uisce Réigiún Oirthear Phort Láirge, atá uasghrádaithe i rith tréimhse an Phlean Fhorbartha deiridh. Tá súil go mbeidh scéim séarachais phoiblí na Trá Móire chomh maith le gléasra chóireáil fuíoll-uisce nua, críochnaithe i 2006.  Beidh go leor acmhainne le spáráil maidir le seirbhísí sláintíochta dá bharr.

Beidh Cuarbhóthar na Trá Mhóire críochnaithe go luath i 2005, agus beidh feabhas mór ar rith agus ar shábháilteacht tráchta sa bhaile.  Tá sé molta Bóthar Faoisimh Bhaile na hAbhann a chríochniú i rith tréimhse an Phlean Fhorbartha seo.

Straitéis Fhorbartha
Beidh ról mór ag an dTrá Mhór i straitéis lonnaíochta oirthear Phort Láirge thar tréimhse an chéad plean eile agus ar aghaidh.

Tá an Straitéis Fhorbartha i gcomhair na Trá Móire curtha in iúl i bPlean Gníomhaíochta Cheantair Áitiúla na Trá Móire 2003.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit