Láthair
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Is é atá i mbunús seirbhíse an tSráidbhaile ná dhá thigh tábhairne, le tae-ghairdín i gceann acu, siopa le hOifig an Phoist in éineacht leis agus Comhar Creidmheasa an tSráidbhaile. Tá suíomh lárnach ag formhór acu seo, ach amháin an Comhar Creidmheasa. Tá réimse seirbhísí pobail cuimsitheach ag an mbaile, ar nós páirc C.L.G agus halla, páirceanna sacair nua, halla an phobail, dhá shéipéal agus trí bhunscoil. Tá sean-phinniúr (as feidhm don chuid is mó) ag an mbaile chomh maith.

Tréithe
Is baile dathúil é an tSráidbhaile, agus tá roinnt gradaim bainte amach aige i gcomórtas Náisiúnta Bailte Slachtmhaire. Bhuadar an Gradam Dúchais chomh maith sa Entente Florale i 1990 agus sa bhliain 2003 thugadar leo an Bonn Óir ina chatagóir. Tagann ceithre bhóthar le chéile ag pointe plásóige an bhaile. Tá sé tréithrithe chomh maith ag spásanna oscailte tírdhreacha agus fallaí teorannacha cloiche . Ba cheart cosaint agus cur chun cinn na dtréithe seo a bheith mar sprioc ag aon mholadh forbartha nó dearadh don cheantar.

Bonneagar
Tagann an soláthar uisce go dtí an Sráidbhaile ó fhoinsí áitiúla, a bhí uasghrádaithe le déanaí agus le hacmhainn spáráilte teoranta. Tá gá leis an gcóras diúscairte séarachais a uasghrádú. Beidh gléasra chóireála fuíoll-uisce curtha ar fáil mar pháirt don Scéim Chamrais Seacht mBaile Chontae Phort Láirge i 2004 le tógáil ag tosú i 2007.

Tá srianta maidir le forbairt ceangailte leis an easnamh bonneagair mar atá curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí fhorbartha déileáil le seo in aon iarratas, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua de réir Ranna 9.2. Caithfear aon mholadh mar seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh iarratas pleanála a chur isteach

Straitéis Fhorbartha
Tá baile an tSráidbhaile conláisteacht don chuid is mó, agus tá forbairt eiseach bailithe timpeall ar chearnóg an bhaile. Toisc go bhfuil deiseanna fhorbartha sa bhaile tearc, tá ribíní forbartha líneach tar éis eirí ar na príomh bóithre timpeall an bhaile. Tá go leor talún ar fáil laistigh de theorainn fhorbartha chun déileáil le forbairt nua, chomh maith le forbairt talún cúil oiriúnach.

Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair an Sráidbhaile mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún, agus tá sé deartha chun réimsí fhorbartha difriúla a tharraingt le chéile chun núicléas daingean a bhunú sa bhaile. Beidh polasaithe agus spriocanna Straitéis Lonnaíochta an Chontae, mar atá léirithe i gCaibidil 3 sa Phlean Fhorbartha infheidhme chomh maith.

Ní dócha go nglacfaí le haon fhorbairt a dhéanfadh díobháil d’uisce snámha agus dá réir do shláinte daonna

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit