Láthair
Tá Baile an Bhuitléaraigh (Theas) suite timpeall 1.3 chiliméadar ar an dtaobh ó dheas den N25, agus tá timpeall 2.5 chiliméadar ón gcros-bhothar seo go dtí Cathair Phort Láirge. Íoslódáil Léarscáil Baile an Bhuitléaraigh (Theas) (409 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Tá brú ar fhorbairt Bhaile an Bhuitléaraigh ag dul i méid le blianta beaga anuas toisc go bhfuil sé suite in aice le forbairtí agus seirbhísí atá ann cheana féin agus cinn atá molta.
Seirbhísí
Is iad na seirbhísí atá ag pobal Bhaile an Bhuitléaraigh ná bunscoil, séipéal, halla pobail agus ionad athchúrsála.
Tá Baile an Bhuitléaraigh suite in aice le:
- eastát tionsclaíochta an Údaráis Forbartha Tionscail
- páirc ghnó agus teicneolaíochta an Údaráis Forbartha Tionscail
- campus nua Institiúd Theicneolaíochta Phort Láirge
- Fostaíocht in iarthar na cathrach
- Bóthar ceangail ó dheas sa Chathair
Bonneagar
Tá go leor uisce á sholáthar do Bhaile an Bhuitléaraigh don éileamh atá ann i láthair na huaire, cé go dtarlaíonn droch-bhrú agus sceitheadh. Tá sé i gceist an soláthar a bheidh ann sa todhchaí a fheabhsú agus a mhéadú le cabhair ó Scéim Sholáthair Uisce Port Láirge Thoir. Níl córas séarachais poiblí sa cheantar.
Tá na bacanna forbartha bainteach le h-easpa bhonneagair, mar atá léirithe thuas agus caithfidh moltaí forbartha freastal ar seo in iarratais ar chead pleanála ar bith agus caithfear an t-Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua i Roinn 9.2.
Caithfear na cúrsaí seo a phlé agus a bheith inghlactha ag Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge sula gcuirfear iarratas ar bith isteach ar chead pleanála.
Straitéis Fhorbartha
Léirítear straitéis fhorbartha Bhaile an Bhuitléaraigh ar an Léarscáil Chriosaithe d’Úsáid Talún. Úsáidfear polasaithe agus aidhmeanna na gCaighdeán Forbartha, mar atá léirithe i gCaibidil 9, mar threoir do mholtaí phleanála.