Láthair
Fo-bhaile de Dhún Garbhán is ea Baile an Róid atá suite timpeall dhá mhíle ar an dtaobh ó thuaidh de Dhún Garbhán. Tá níos mó forbartha ar siúl le blianta beaga anuas agus tá daonra mór go leor sa sráidbhaile le neart seirbhísí agus áiseanna pobal. Íoslódáil Léarscáil Baile an Róid (409 kbs) anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Is iad na seirbhísí atá ann ná siopaí, tigh tabhairne, bialann, agus áiseanna pobal eile m.sh. páirc imeartha agus leadóg. Tá séipéal áitiúil san áit, agus tá suíomh curtha ar leataoibh do scoil nua a fhreastalóidh ar éileamh na ndaoine.
Bonneagar
Tá córas cóireála fuíoll-uisce de 750 p.e. ag freastal ar an sráidbhaile le toilleadh iomlán aige i láthair na huaire, agus le freastal ar a thuilleadh forbartha déanfar ceangal idir an córas seo agus Córas Séarachais Dhún Garbhán. Caithfear feabhas a chur ar an soláthar uisce atá ag freastal ar an áit – tá fadhbanna toillte agus seachadta ag an soláthar atá ann i láthair na huaire (ó Dhuibhe Lios) agus ní féidir leis go leor uisce a sholáthar don tsráidbhaile. Tá gá le foinse nua áitiúil le fadhb an ghanntanais a réiteach. Ceapadh comhairleoirí le réamh-thuarascáil a ullmhú agus le druileáil a dhéanamh féachaint an bhfeadfaí seirbhís nua a chur ar fáil sa bhliain 2004.
Tá gá le feabhas a chur ar an ngréasán bóithre san áit le linn tréimhse an Phlean Forbartha le feabhas a chur ar ghluaiseacht an tráchta agus cúrsaí sábháilteachta. Léirítear cá mbeidh na bóithre nua ar an Léarscáil Chriosaithe a bhaineann le Baile an Róid atá iniata.
Straitéis Fhorbartha
Tá an-chuid talún criosaithe i gcomhair forbartha timpeall ar lár an tsráidbhaile. Tá bacanna ar fhorbairt bainteach le h-easpa bonneagair mar atá léirithe thuas, agus caithfidh moltaí forbartha freastal ar seo in iarratais pleanála ar bith chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’forbairtí nua i Roinn 9.2.