Láthair
Tá sráidbhaile Bhaile Mhac Cairbre timpeall 20 ciliméadar ó thuaidh ó Dhún Garbhán agus 15 chiliméadar ó dheas ó Chluain Meala, baile mór atá suite i nDeisceart Thiobraid Árann. Tá an sráidbhaile suite ar dhá thaobh den Bhóthar Réigiúnach an R671.  Tá abhainn na hUidhre ar a theorainn ar an dtaobh  ó thuaidh agus tailte crochta ar an dtaobh ó dheas.  Íoslódáil Léarscáil Baile Mhac Cairbre (463 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Is iad na h-áiseanna atá ag Baile Mhac Cairbre ná teach tabhairne, stáisiún peitril/garáiste, stáisiún na nGardaí, siopa, stór ‘Glanbia’ agus halla pobail, agus tá ionad tionscalaíochta ar an dtaobh ó thuaidh den tsráidbhaile. Tá seirbhísí eile laethiúla le fáil i nDún Garbhán agus i gCluain Meala.

Bonneagar
Tá bonneagar uisce phoiblí agus séarachas poiblí ag Baile Mhac Cairbre. Ach ní bheadh an dá chóras atá ann anois abálta freastal ar dhaonra mórán níos airde.

Mar sin ar na coinníollacha a bheidh ar h-iarratais pleanála d’eastáit thithíochta beidh an choinníoll go gcaithfear cóiriú leanúnach a chur ar fhuíoll-uisce agus soláthar maith uisce a chur ar fáil. Is ceart moltaí ar bith dá leithéid a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge roimh aon iarratas pleanála a chur isteach. 
 
Molfaidh an Chomhairle d’éinne a bheadh ag smaoineamh ar dhul i mbun forbartha, dul i gcomhar leo ar mhaithe le forbairt na n-eastát.

Straitéis Fhorbartha
Léirítear an straitéis fhorbartha do Bhaile Mhac Cairbre ar an Léarscáil Chriosaitheach d’Úsáid Talún.  Úsáidfear na polasaithe agus na aidhmeanna do Chaighdeáin Fhorbartha, atá i gCaibidil 9, mar threoir do mholtaí forbartha.

I dtreo is nach mbeidh túis mí-oiriúnach ag forbairt thithíochta na lonnaíochta, déanfaidh an Chomhairle cinnte de go n-oirfidh céimeanna éagsúla na tógála don phobal.
 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo Share/Bookmark
Add | Edit