Láthair
Tá Baile Mhac Dháith timpeall 4.5 chiliméadar thiar ón Dún Mhor, agus 10.5 chiliméadar soir ó dheas ón Trá Mhór. Tá Aerfort Réigiúnach Phort Láirge suite 4 chiliméadar siar ó thuaidh ó Bhaile Mhac Dháith. Íoslódáil Léarscáil Baile Mhac Dháith (337 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Tá bunús seirbhísí teoranta i mBaile Mhac Dháith, cé go bhfuil dhá theach tabhairne in aice lena chéile. Tá feidhm an-theoranta miondíola ag ceann acu. Tá halla pobail suite níos lú ná ciliméadar amháin soir ó dheas ón talamh criosaithe.
Bonneagar
Tá Baile Mhac Dháith suite lastuas d’uiscíoch réasúnta torthúil agus bíonn an-bhaol truaillithe san uisce talún.
Níl córas cóireála fuíoll-uisce sa cheantar, cé bhfuil sé mar chuid de Ghrúp-Scéim Uisce. Beidh sé riachtanas na Comhairle go mbeidh moltaí i gcomhair cóireáil fuíoll-uisce in-chothaithe agus soláthar uisce sásúil nó uasghrádaithe, i ngach iarratas pleanála.
Straitéis Fhorbartha
De bharr go bhfuil an-bhrú forbartha ar an gceantar seo, leibhéal áirithe de bhrú ginte uirbeach, tá an tuairim ann go dtugann rangú talún an cheantair seo an deis I gcomhair forbartha inbhuanaithe agus dea-riartha laistigh den limistéar forbartha atá léirithe ar an Learscáil Chriosaitheach d’Úsáid Talún.
Tá bacanna ar fhorbairt bainteach le h-easpa bhonneagair mar atá léirithe thuas agus caithfidh moltaí forbartha freastal ar seo in iarrataisí Pleanála ar bith chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua i Roinn 9.3.