Láthair
Tá baile fearainn Bhaile na mBialach timpeall 3 cm ó dheas ón N72 díreach in aice le crosaire an Teampaill Ghil agus an Bóthar Réigiúnach R671 ó Chluain Meala (9 cm. ó Cheapach Choinn). Is féidir teacht ar Bhaile na mBialach chomh maith ar an mbóthar áitiúil ó chrosaire Cheapach (N72) timpeall 3.5 cm. ar an dtaobh thuaidh-thoir agus 11.5 cm. ó Dhún Garbhán.  Íoslódáil Léarscáil Baile na mBialach ( 277kbs) anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Tréithe
Tá an talamh sa dúiche seo suite os cionn Uiscíoch Tábhachtach Reígiúnacha den dhéanamh Karst agus tá an-bhaol truaillithe ann don uisce talún. Is talamh cothrom atá ann tríd is tríd.

Ceantar tuaithe is ea Baile na mBialach, agus claonadh d’fhorbairt líneach idir lonnaíochtaí i gcuid de. Tá fálta sceacha agus fallaí déanta de chlocha nó claíocha ar thaobh na mbóithre. Tá thimpeall ar 22 teach sa cheantar i láthair na huaire, is beag teach a tógadh ó 1970 i leith.

Suas go dtí seo tithe simplí traidisiúnta a bhí á thógaint m.sh. tithe aon urláir, iostáin agus roinnt thithe dhá urláir. Níl tithe dormánta á thógáil san áit.  Is ceart cur leis na tréithe seo, iad a chaomhnú agus a chomhshnaidhmeadh maidir le aon mholadh deartha nó forbartha don áit.

Áiseanna agus Seirbhísí
Is iad na h-áiseanna pobal atá ag Baile na mBialach ná Halla Pobail mór a tógadh le déanaí, páirceanna imeartha, Bunscoil agus séipéal. Tá bosca litreach glas poiblí (An Post) suite i bhfalla ag Crosbhoithre an Teampeall Ghil/RR671 (Cnoc an Easa). Tá an Scoil Náisiúnta atá ann faoi láthair ag feidhmiú go barr a acmhainn agus níl aon phlean i bhfeidhm chun cur leis an acmhainn seo thar an tréimhse cúig bhliana atá romhainn. Cuireann fiontraíochtaí tráchtála éagsúla fostaíocht ar fáil go háitiúil, san áireamh anseo tá fiontar deantúsaíochta geataí, deantús tráidirí cithfholcaidh, dhá chairéal comhbhailithe; áis mhuiríne agus áis alúmanam PVC.

Bonneagar
Níl aon chóras séarachais nó soláthar uisce poiblí ag Baile na mBialach agus soláthar uisce an-teoranta, a bhriseann síos go minic. Freisin, níl aon aibhneacha, srutháin, nó pointí folmhaithe cóngarach. Tá tuairim is 33 umar seipteach sa cheantar cheana fhéin, agus ag tógaint san áireamh gur cuireadh isteach formhór na humair seo sar a tháinig NSAI SR6 (1991) i bhfeidhm, is ábhar tinnis a éifeacht siúd anois.   Ní féidir uisce dhromchlá ná fuílleach a chur de láimh sa talamh de bharr staid reatha na talún sa cheantar.

Tá baint ag bacanna forbartha le h-easpa infreastruchtúir mar atá ráite thuas agus caithfidh moltaí forbartha freastal ar seo in iarratais ar chead pleanála ar bith chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua i Roinn 9.2.

Caithfear na pointí seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Contae Phort Láirge sula lorgófaí Cead Pleanála d’aon fhorbairt.

Stráiteís Fhorbartha
Caithfear slí isteach straitéiseach do bhóthar a chur ar fáil do thailte ar bith atá criosaithe, do thailte nach bhfuil ar an mbóthar nó slí isteach chuchu san am atá le teacht. Caithfear an tslí isteach chéanna a choiméad d’úsáid ar bith sa todhchaí. Is ceart aon mholtaí forbartha do a leithéid seo tailte criosaithe (m.sh. in aice na sean-scoile) a chomhshnaidhmeadh le moltaí forbartha sa todhchaí.

Is féidir straitéis fhorbartha do Bhaile na mBialach a fheiscint ar Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún Bhaile na mBialach. Beidh polasaithe agus aidhmeanna Straitéis Lonnaíochta an Chontae, mar atá mínithe i gCaibidil 3 den Phlean Forbartha, i gceist chomh maith.
 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit