Cúlra
Is iad na lonnaíochtaí atá i nGaeltacht Phort Láirge ná Maoil a’ Chóirne, Baile na nGall agus Heilbhic. Tá fás agus forbairt ollmhór tagtha ar na lonnaíochtaí céanna, atá suite idir 5 agus 7 míle lasmuigh de Dhún Garbhán, le blianta beaga anuas. Mar thoradh ar an bhfás ollmhór seo tá sé deacair na bailte fearainn a aithint óna chéile.
Tá polasaí criosaithe de réir Phlean Gníomhaíochta (2001) do Cheantar na Rinne, Heilbhic agus an tSean Phobail sáraithe ag an mapáil sa Phlean Forbartha seo, cé go mbeidh na prionsabail dheartha srl – faoi mar atá riachtanach faoin bPlean Gníomhaíochta – i bhfeidhm go dtí go gcuirfear lámhleabhar deartha ar fáil (mar atá luaite in 8.2).
Láthair
Tá Baile na nGall suite míle soir ó Mhaoil a’ Chóirne agus timpeall 6 mhíle ó Dhún Garbhán. Mar an gcéanna le Maoil a’ Chóirne, tá fás suntasach tar éis teacht ar Bhaile na nGall le linn na tréimhse pleanála dheiridh. Íoslódáil Léarscáil Baile na nGall (409 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na uspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Is beag seirbhís ná áis phobail atá i mBaile na nGall.
Bonneagar
Tá go leor uisce á sholáthar do mhuintir Bhaile na nGall i láthair na huaire. Faoi láthair tá fadhbanna tuillte ag baint leis an gcóras séarachais poiblí i Maoil a’ Chóirne-Baile na nGall-Heilbhic. Táthar ag súil, áfach, go dtiocfar ar réiteach ar seo le linn na tréimhse phleanála, mar táthar ag súil le feabhas a chur ar an áit ar fad mar chuid den chóras cóireála fuíoll-uisce atá beartaithe do Dhún Garbhán. Tá comhairleoirí ceapaithe chun Réamh–Mholtaí Tuarascála a ullmhú agus trialacha druileála a dhéanamh do sheirbhís sholáthar uisce nua d’fhonn feabhas a chur ar sholáthar uisce na Rinne/Heilbhic/Radharc na Farraige. Is cuid de Chlár Infheistíochta um Sholáthar Uisce an Rialtais, 2004 – 2006 an scéim seo.
Straitéis Fhorbartha
Tá lonnaíocht Bhaile na nGall níos mó ná sráidbhaile beag Mhaoil a’ Chóirne. Tá formhór na forbartha i mBaile na nGall líneach agus bunaithe don chuid is mó ar bhóithre tuaithe atá i ndroch-chaoi agus mí-chothrom. Níl na bacanna fhisiciúla céanna forbartha ag Baile na nGall agus atá ag Maoil a’ Chóirne. Gheobhfaí an talamh criosaithe nár deineadh forbairt air le linn na tréimhse Pleanála dheiridh a úsáid chun freastal ar éileamh tithíochta san am atá romhainn i mBaile na nGall, i Maoil a’ Chóirne agus in Heilbhic (féach Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún).
Is é polasaí an Udaráis Phleanála ná a chinntiú go mbeidh forbairt nua ar bith i mBaile na nGall taobh istigh den limistéir forbartha agus nascaithe leis an gcóras séarachais poiblí atá ann i láthair na huaire.