Láthair
Tá sráidbhaile Bhaile Uí Dhuibh suite in oirthear an Chontae timpeall 2 chiliméadar ó Chill Mhíodáin, 35 ciliméadar ó Dhún Garbhán, agus 8.5 ciliméadar thiar ó Chathair Phort Láirge. Íoslódáil Léarscáil Baile Uí Dhuibh (Oirthear an Chontae)(373 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Is iad na h-áiseanna pobal atá ag Baile Uí Dhuibh ná bunscoil, séipéal, halla pobail, suíomh áiseanna pobal agus cumann sacair.
Bonneagar
Tá go leor uisce poiblí á sholáthar do mhuintir Bhaile Uí Dhuibh i láthair na huaire. Faoi láthair is dabhach mhúnlaigh atá ag muintir an bhaile ach freastalóidh Córas Séarachais na 7 Sráidbhailte (chomh maith le Cill Mhíodáin), go bhfuiltear ag súil le tús a chur leis go luath i 2007, ar an sráidbhaile sa todhchaí.
Straitéis Fhorbartha
Léirítear an straitéis fhorbartha do Bhaile Uí Dhuibh Thoir ar an Léarscáil Chriosaithe d’Úsáid Talún. Úsáidfear na polasaithe agus na h-aidhmeanna atá ag baint le Caighdeáin Fhorbartha, mar a léirítear i gCaibidil 9, mar threoir do mholtaí forbartha ar bith.
Lena chinntiú nach mbeidh an méid tithe a bheadh á thógáil mí-oiriúnach don tsráidbhaile déanfaidh an Chomhairle cinnte de go mbeidh na céimeanna ina dtógfar scéimeanna tithíochta in oiriúint don áit.