Láthair
Tá sráidbhaile Bhaile Uí Fhlaithnín suite timpeall 12 mhíle ó Chathair Phort Láirge agus 18 mhíle déag ó Dhún Garbhán.  Íoslódáil Léarscáil Baile Uí Fhlaithnín (322 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Is beag seirbhís atá le fáil i mBaile Uí Fhlaithnín – níl aon siopa áitiúil ann.

Bonneagar
Tá go leor uisce á sholáthair do mhuintir Bhaile Uí Fhlaithnín i láthair na huaire. Níl aon chóras séarachais poiblí ann.

Struchtúr Forbartha
Tá an fhorbairt ar fad atá ar siúl i mBaile Uí Fhlaithnín i láthair na huaire ar siúl ag crosbhóthar dhá bhóthar chontae. Taispeánann an theorainn fhorbartha (féach an Léarscáil) roinnt deiseanna d’fhorbairt thithíochta ar an sráidbhaile. Is é polasaí an Údaráis Pleanála ná forbairt iomlán an choda sin atá criosaithe a mholadh ag úsáid córais cóireála séarachais amháin. D’ainneoin seo, glacann an Chomhairle leis nach bhfuil córas séarachais poiblí ar an sráidbhaile, agus gur áit í atá suite faoin dtuath. Mar gheall ar seo beidh an Chomhairle so-lúbtha mar gheall ar aon iarratais tithíochta don láthair seo.  Caithfidh moltaí ar bith pleanála don áit riachtanais a shásamh maidir le teacht ar chóras na mbóithre poiblí agus draenáil. Sásóidh an talamh criosaithe - níos fearr ná mar is gá – an t-éileamh tithíochta i mBaile Uí Fhlaithnín sa chéad thréimhse phleanála eile.
 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit