Is ag Cathair Phort Láirge a bhí an tionchar is mó ar fhorbairt agus ar fhás Oirthear Phort Láirge thar tréimhse an phlean deiridh, agus tá súil go leanfaidh seo ar aghaidh. Beidh tionchar ag forbairt Pháirc Fhiontar an I.D.A agus Campas W.I.T sa chathair atá molta, ar fhostaíocht sa chathair agus sa chontae, agus cuirfidh sé seo isteach ar an bpatrún lonnaíochta. Tá Seachród Cathair Phort Láirge (ag tosú ag Cill Mhíodán) agus an cuarbhóthar do Dheisceart Chathair Phort Láirge á thógáil faoi láthair. Beidh brú i gcomhair a thuilleadh forbartha sa cheantar lasmuigh den Chathair de bharr na forbairtí seo.  Íoslódáil Léarscáil Béalbhacha Chathair Phort Láirge (409kbs) agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Straitéis Fhorbartha
Beidh an Chomhairle ag iarraidh a chinntiú go mbeidh críochniú soiléir idir an Chathair agus an ceantar tuaithe mórthimpeall. Beidh gá an Crios Glas timpeall ar an gCathair a chosaint chun é seo a dhéanamh, chomh maith le cosc a chur ar fhorbairt laistigh de dhá nó trí mhíle ón Chuarbhóthar do Dheisceart Chathair Phort Láirge. Tá an polasaí seo ag clói leis na Dréacht Threoirlínte Thithíochta Thuaithe foilsithe ag an An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i 2004. Tá saghsanna forbairt sásúil liostaithe sa ‘Maitrísí Úsáide’ sa Phlean.  San áireamh ann tá nascanna ‘Park & Ride’ leis an gCathair, agus tugtar tacaíocht do PLUTS Chathair Phort Láirge.  Tá talamh criosaithe i gcomhair roinnt saghsanna forbairt ag Cill Mhíodáin chomh maith. Tá sé molta an banc-talún ag Cill Mhíodáin a úsáid mar fhrith-mhaighnéad do bhrú ar imeall na Cathrach.  Bhí moladh le hath-chriosú a dhéanamh ar roinnt talún ar imeall na cathrach curtha síos mar pháirt do léirmheas an phlean, ach ní bheidh cinneadh á dhéanamh ar seo go mbeidh forbairt ar na bóithre críochnaithe.

Tá an straitéis fhorbartha do Bhéalbhacha Chathair Phort Láirge léirithe ar Léarscáil Cheantar na Cathrach atá iniata.

Tabhair faoi deara nach bhfuil an líne do Sheachbhóthar Chathair Phort Láirge ar léarscáil chriosaithe do Chathair Phort Láirge ach amháin i gcomhair cúiseanna léirithe agus nach ionann é agus an tógáil atá molta don bhóthar féin, d’fhéadfadh athruithe teacht ar seo.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit