Láthair
Tá Dún Garbhán lárnach don Chontae i dtéarmaí láithreachta, agus ó thaobh thábhacht pholaitiúla agus eacnamaíochta de. Is príomh bhaile an Chontae é agus ceannáras don Chomhairle Chontae. Tá Comhairle Bhaile agus Plean Forbartha dá gcuid féin ag an mbaile.  Íoslódáil Léarscáil Béalbhacha Dhún Garbhán (1,509 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le  Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Bonneagar
Faigheann Dún Garbhán agus an cúltúr seirbhís mhaith ó líonra bóithre. Téann an Príomh Bhóthar Náisiúnta (N25) agus an Bóthar Náisiúnta Tánaisteach (N72) den Ghréasán Bóithre Náisiúnta ón iarthar soir, ag ceangal le Corcaigh/Cill Áirne agus cathair Phort Láirge/Ros Láir. Cuireann na bóithre Réigiúnacha R672 (Cluain Meala) agus R676 (Carraig na Siúire) nasc ar fáil le Tuaisceart an Chontae agus idir-Chontae.

Tá moltaí do Bhóthar Fáinne Seachtrach forbartha go dtí céim Roghnú Bealaí, agus tá súil é seo a bheith críochnaithe i rith tréimhse an Phlean Fhorbartha seo.

Tá ionad cóireála fuíoll-uisce nua úrscothach á thógáil faoi láthair agus beidh sé lán-oibreach i 2006. Tá an soláthar uisce don bhaile sásúil i gcomhair an éilimh atá ar faoi láthair, ach tá an ráta forbartha sa cheantar (i.e Baile an Róid, Baile na Cúirte, Cnoc an Tí Mhóir) ag cur brú ar sholáthar uisce sásúil dos na h-áiteanna seo, go mór, mhór i rith an tsamhraidh nuair atá an aimsir tirim. Tá réamh-thuairisc ullamh i gcomhair uasghrádú scéim sholáthair uisce an Duibhlios / Baile na Cúirte, agus beidh druileáil taiscéalaíochta ar siúl chun foinse uisce nua a fháil.

Straitéis Fhorbartha
Beidh sé mar straitéis ag an gComhairle forbairt substaintiúla a spreagadh i nDún Garbhán, agus chun é a chur chun cinn mar fhócas an Chontae. Is é an suíomh is oiriúnaí i gcomhair úsaide talún den chinéal seo toisc go bhfuil na nithe seo a leanas ag an mbaile:
• An daonra is airde,
• Réimse leathan seirbhísí miondíola,
• Bunús tionsclaíochta maith,
• Seirbhísí oideachas.

Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair cheantar Dhún Garbhán sa léarscáil criosaithe i gcomhair an cheantar atá iniata. Tá foráil sa staidéar cheantair i gcomhair banc-talamh a chur isteach láithreach d’fhorbairt, agus aithníonn sé an brú atá ann i gcomhair forbairt timpeall imeall bhaile Dhún Garbhán.

Ní cheadaítear aon fhorbairt ar thalamh atá criosaithe d’úsáid chónaitheach ag Bán na mBráthar agus ó thuaidh den Chrios EC (Coláiste Aibhistíneach agus Gaelscoil), ach amháin nuair a bheidh séarachas ar fáil ón sainmheáchain.  Beidh limistéar SAC ainmnithe fágtha amach as aon mholadh i gcomhair forbartha, agus coimeádfar crios maolánach idir an limistéar seo agus aon fhorbairt mholta.  
Tabhair faoi deara nach bhfuil an líne do Sheachbhóthar Dhún Garbhán ar léarscáil chriosaithe do Cheantar Dhun Garbhán ach amháin i gcomhair cúiseanna léirithe agus nach ionann é agus an tógáil atá molta don bhóthar féin, d’fhéadfadh athruithe teacht ar seo.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit