Láthair
Tá Bun Abha 14 mhíle ó Dhún Garbhán – ar Bhóthar an Chósta ó Dhún Garbhán go Trá Mhór. Cuireann an láthair cósta áiseanna trá agus snámha ar fáil. Íoslódáil Léarscáil Bun Abha (388kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Tréithe
Sráidbhaile taibhseach is ea Bun Abha, atá suite laistigh den Chósta Umha sa chontae, le radharcanna áille den chósta. Níl sé millte le forbairt tógála, agus tá pé forbairt atá déanta ann, tríd is tríd, déanta ar scála beag le dlús íseal. Tá bóithre rochtana le ballaí deas cloche ann ón dhá thaobh – ó thuaidh agus ó theas agus tá cáil ar mar ionad trá do chuairteoirí. Ba cheart coimeád agus méadú na tréithe seo a thógaint san áireamh in aon mholadh deartha a gcuirfí le chéile don cheantar.
Seirbhísí
Tá bonn caol seirbhísí ag Bun Abha agus tá áiseanna an-teoranta ann chomh maith. Níl aon siopa ann.
Bonneagar
Tá feabhas tagtha ar an soláthar uisce ó cheanglaíodh le príomh phíopa uisce na Cille é agus anois tá fuílleach uisce ann. Tá gá leis an gcóras séarachais a athnuachan.
Ta carrchlós poiblí ar an dtaobh thoir den bhaile mar áis do chuairteoirí lae. Tá gá le háiseanna páirceála breise níos congaraí do Chuan Boatstrand/Dun na mBreatan, agus spreagfar forbairt a dhéanamh ar na háiseanna seo ag suímh oiriúnacha nuair is féidir. Tá riachtanas do leithris sa charrchlós, a chuirfear ar fáil laistigh do shaolré an phlean.
Straitéis Fhorbartha
Tá acmhainn fhorbartha theoranta Soir ón mbaile (talamh íseal) agus ó Dheas ón mBaile (cósta). Tá an príomh fhorbairt ar an bpríomh sráid gan mórán doimhneas. Is é an straitéis don todhchaí ná forbairt a dhéanamh ar thalamh in aice leis an sráid mhór agus doimhneacht a thabhairt dó, agus an baile a neartú agus tráchtáil (siopaí) a chur ar fáil don phobal. D’fhéadfadh forbairt titim amach ar an dtaobh ó thuaidh don bhaile go mór mhór, tá ceantar an iarthair teoranta mar tá an stráice seo den bhóthar mar pháirt de thurasóireacht radharcach (féach léarscáil).
Beidh sé riachtanach d’aon mholadh forbartha a thaispeáint conas gan cur isteach ar an radharc sa cheantar cósta agus an Chomhairle a shásamh maidir le draenáil agus rochtain. Ní dócha go nglacfaí le haon fhorbairt a dhéanfadh díobháil d’uisce snámha agus dá réir do shláinte daonna.