Láthair
Tá Bun Machan suite timpeall 10 míle ó Dhún Garbhán ar bhóthar an chósta idir Dhún Garbhán agus an Trá Mhór. Íoslódáil Léarscáil Bun Machan/Cnocán Machan (409 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Seirbhísí
Tá go leor seirbhísí agus áiseanna ag Bun Machan/Cnocán Machan le freastal ar riachtanais an phobail áitiúil.
Bonneagar
Is síneadh ar sholáthar uisce poiblí na Cille, soláthar uisce Bhun Mhachan agus Chnocán Machan agus tá toilleadh spárála sa chóras. Tá córas sceithe séarachais bunúsach i bhfeidhm sa sráidbhaile. Tá moladh do Chóras Séarachais nua istigh le Clár Infheistíochta um Sheirbhísí Uisce an Rialtais, 2004 – 2006, agus tá sé ceadaithe go gcuirfear an córas céanna isteach ar Chead Pleanála.
Straitéis Fhorbartha
Tá an fhorbairt atá ann cheanna féin bunaithe i ndá shráidbhaile, is iad sin, Bun Machan agus Cnocán Machan. Is mar gheall ar láthair an dá shráidbhaile go bhfuil cuma uirbeach ar an dá lonnaíocht. Ceadófar forbairt thithíochta ar scála measartha de dhearadh oiriúnach taobh istigh des na tailte criosaithe mar atá léirithe ar an Léarscáil Chriosaire. Ceadófar mion-fhorbairt thithíochta chomh maith ar an dtaobh thiar de Bhun Machan ar bhóthar an chósta mar atá léirithe. Ach, toisc gur áit í seo atá cois cósta agus go gcaithfear cúram a dhéanamh de, caithfidh gach aon mholadh riachtanais an Údarás Phleanála a shásamh maidir le dearadh, slí isteach agus draenáil. Is talamh an-íseal atá idir Bhun Machan agus Cnocán Machan agus toisc go mbíonn baol tuilte ann níl sé oiriúnach d’fhorbairt don chuid is mó.
Ní dócha go nglacfaí le haon fhorbairt a dhéanfadh díobháil d’uisce snámha agus do shláinte daonna dá réir.