Láthair
Tá baile mór Charraig na Siúire suite i gContae Thiobraid Árann Theas ach tá an chuid sin de atá gairid dá imeall theas i láthair riaracháin Chomhairle Contae Phort Láirge. Tá sé timpeall 23 chiliméadar ar an dtaobh thiar-thuaidh de Chathair Phort Láirge agus 9.5 gciliméadar ar an dtaobh thiar-thuaidh de Phort Lách.  Íoslódáil Léarscáil Carraig na Siúire (674kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le  Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) . Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Seirbhísí
Tá an chuid is mó des na seirbhísí laethiúl le fáil i mbaile mór Charraig na Siúire. Ach tá bunscoil agus cumann ghailf sa Charraig Bheag.

Bonneagar
Níl an limistéar seo oiriúnach d’fhorbairt suntasach mar gheall ar airde na talún chomh maith le h-easpa bhonneagair séarachais. Coiméadfar talamh ar bith atá ainmnithe do Bhóthar Faoisimh Charraig na Siúire saor ó fhorbairt.

Straitéis Fhorbartha
Léirítear an straitéis fhorbartha do Charraig na Siúire ar an Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Ag tógaint easpa seirbhísí agus dinnseanchais an limistéir san áireamh agus i ngá teacht ar shlí chomhlánaithe d’úsáid na talún mar atá leagtha amach i bPlean Forbartha Charraig na Siúire 2002, áit ina bhfuil criosú faoi leith i bhfeidhm dos na tailte díreach buailte le Contae Phort Láirge, is é sin, ‘Láithreacha Speisialta Taitneamhacha a Chosaint agus a Chaomhnú’, is é an criosú a chuirfidh Comhairle Contae Phort Láirge i bhfeidhm do thimpeallacht Charraig na Siúire ná seo a leanas:  ‘Áiseanna pobal Tuaithe a Chosaint agus a Fheabhsú agus Forbairt Thalmhaíochta a sholáthar’.

Ní tharlóidh aon fhorbairt in áiteanna laistigh den limistéar speisialta (atá laistigh de SAC Abhainn na Siúire Íochtarach) a dhéanfadh dochar suntasach don ainmníocht san.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit