Tá an chuid sin de Chontae Phort Láirge atá buailte le ceantar theas Chluain Meala tar éis teacht faoi bhrú an-mhór forbartha le linn na tréimhse pleanála deirigh. Ach níl an talamh seo oiriúnach d’fhorbairt suntasach mar gheall ar airde na talún chomh maith le h-easpa bhonneagair. Deineadh nód nua lonnaíochta ag Caisleán Cuanach le héileamh tithíochta ó mhuintir Chluain Meala a shásamh agus deineadh talamh a chriosú d’fhorbairt thithíochta i mBaile Mhac Cairbre agus i gCill Mhainchín atá in aice láimhe.  Íoslódáil Léarscáil Ceantar Chluain Meala (1,109 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .  Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Léirítear an straitéis fhorbartha do Chluain Meala ar an Léarscáil Criosaithe d’Úsáid Talún. Beidh polasaithe agus aidhmeanna Straitéis Lonnaíochta an Chontae, mar a léirtear i gCaibidil 3 den Phlean Forbartha, agus Caighdeáin Fhorbartha, mar a léirítear i gCaibidil 9 i gceist chomh maith.

Soláthróidh an limistéar atá ainmnithe in A go leor talún d’fhorbairt thalmhaíochta sa todhchaí agus teorainn fhisiciúil soiléir don limistéar uirbeach atá in aice láimhe. Is é polasaí na Comhairle deimhniú a dhéanamh de go gcuirfidh an criosú ainmnithe in A go leor talún ar fáil d’áitribh phearsanta na dtiarnaí talún atá ann i láthair na huaire agus dá gclanna an-ghar amháin.

Tá sé molta gur ceart criosú spáis oscailte a dhéanamh dos na tailte sin go bhfuil baol tuilte ag baint leo taobh istigh de chéad bliain mar gheall ar an mbaol a bhaineann le forbairt ina leithéid d’áit.  Déanfar Measúnú ar Bhaol Tuilte ar aon fhorbairt laistigh den talamh criosaithe nuair a cheapann an Chomhairle go bhfuil gá lena leithéad.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit