Láthair
Tá baile mór Cheapach Choinn ar cheann des na lonnaíochtaí is mó i bPort Láirge Thiar. Tá sé suite timpeall 19 gciliméadar ó Dhún Garbhán agus suite go straitéiseach ar fho-bhealach náisiúnta a cheanglaíonn Maigh Eala agus Mainistir Fhear Maí i gContae Chorcaí le Dún Garbhán agus Cathair Phort Láirge. Íoslódáil Léarscáil Ceapach Choinn (1,109 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le
Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs)
. Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.
Tréithe
Tá an chuid is mó de Cheapach Choinn ainmnithe mar bhealach spéiriúil. Chomh maith leis seo tá an ceantar ainmnithe mar L.O.N. (Oidhreacht Náisiúnta) agus SAC (Limistéar Speisialta Caomhnaithe) díreach ar an dtaobh theas agus thiar-theas den N72 agus an baile mór. Tá cuid den cheantar seo ainmnithe mar áit atá goilliúnach i dtéarmaí measúnaithe ar phleananna forbartha maidir le scéimh na háite. Baile mór líneach is ea Ceapach Choinn don chuid is mó le stair shaibhir ailtireachta agus tógtha aige.
Seirbhísí
Freastalaíonn seirbhísí Cheapach Choinn ar iarthar an Chontae. Tá go leor seirbhísí don phobal ann, tigh báid Cheapach Choinn san áireamh. Tugadh cead pleanála d’ionad pobail nua don bhaile (ina mbeidh seomraí feistis, naíonra, naíolann agus clós imeartha) agus tógfar é gan mhoill.
Bonneagar
Tá fadhbanna ag baint le soláthar uisce poiblí (agus príobháideach) i gCeapach Choinn. Cé go bhfuil an toradh maith ar thoibreacha thochailte tá an-chuid niotráit san uisce. Tá sé seo mar thoradh, don chuid is mó, de bhun-gheolaíocht aolchloiche an cheantair agus dramhaíl orgánach agus leasú talún. Mar gheall ar seo ar fad, agus cosúil le an-chuid lonnaíochtaí eile i gContae Phort Láirge, níl sé oiriúnach do Cheapach Choinn dlús mór tancanna séarachais a bheith ann mar aithnítear go bhfuil uiscíoch réigiúnach san áit atá i mbaol mór, nó thar a bheith mór, truailliú ag baint leis.
Ceapadh comhairleoirí le moltaí a ullmhú le feabhas a chur ar sholáthar uisce an Leasa Mhóir/Cheapach Choinn/An Bhaile Dhuibh, a bhfuil súil é a chur i bhfeidhm le linn tréimhse an Phlean seo. Ach ní bheidh córas cóireála fuíoll-uisce Cheapach Choinn in achmhainn ar fheidhmiú a thuilleadh, ach tá an baile mór ar cheann des na bailte i bPort Láirge a bhaineann le ‘Córas Séarachais an tSeacht Sráidbhaile’ agus mar sin cuirfear feabhas ar chóiriú agus toilleadh fuíoll-uisce le linn tréimhse an Phlean Forbartha seo. Comhshnaidhmfear áiseanna sílte do dhríodar fuíoll-uisce ón limistéir i suíomh an ionaid chóirithe.
In ainneoin na bpointí atá luaite thuas, cuirfidh easpa bhonneagair bac ar fhorbairt mar atá léirithe thuas, agus caithfidh moltaí forbartha freastal ar a leithéid maidir le hiarratais phleanála ar bith chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua i Roinn 9.3. Caithfear na cúrsaí seo ar fad a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta Chomhairle Chontae Phort Láirge agus caithfidh an Chomhairle a bheith sásta leo sula gcuirfear iarratas pleanála ar bith isteach ar Chead Pleanála.
Straitéis Fhorbartha
Ag tógaint dinnseanchas agus geolaíocht Cheapach Choinn san áireamh, is é is dóichí ná go gcuirfear srian le fairsingiú nó forbairt bhreise sa bhaile mór. Chun a chinntiú go mbeidh go leor talún ar fáil do thithe, tabharfar cead d’fhorbairt thithíochta ar an dtalamh a cheanglaíonn Teach Richmond le deisceart Cheapach Choinn. Freastalaíonn an bonneagar atá ann faoi láthair ar an dtalamh seo maidir le slí isteach chuige agus na seirbhísí a chur ar fáil dó. Spreagfaidh an Chomhairle dlús íseal forbartha don thalamh seo ag teacht le forbairt uirbeach agus ní thabharfar cead do níos mó ná dhá shlí amach ar ghreasán na mbóithre poiblí. Tabharfar cead d’fhorbairt thithíochta chomh maith ar an dtalamh in aice leis an abhainn ar an dtaobh eile den bhóthar.
Cuirfear slí isteach do bhóthar straitéiseach ar fáil trí thalamh criosaithe ar bith agus le freastal ar chúl-talamh nach bhfuil buailte leis an mbóthar nó nach mbeadh slí isteach ann sa todhchaí. Coiméadfar an tslí isteach straitéiseach chéanna le seans go n-úsáidfí é amach anseo. Is ceart an pointe seo a chur san
áireamh maidir le moladh ar bith sa todhchaí don shaghas seo talún atá criosaithe. Léirítear an straitéis fhorbartha do Cheapach Choinn ar an Léarscáil Chriosaithe d’Úsáid Talún do Cheapach Choinn.