Láthair
Tá lonnaíocht Chill Bhriain suite timpeall 3.6 chiliméadar siar ar an R671, an bóthar réigiunach ó Dhún Garbhán go Cluain Meala, go hiomlán timpeall 17.6 chiliméadar ó Dhún Garbhán.  Íoslódáil Léarscáil  Cill Bhriain (240 kbs) Anseo agus íoslódáil chomh maith na leathanaigh a bhaineann le Cuspóirí Criosaithe (word .doc, 160 kbs) .Caithfear na Cuspóirí Criosaithe agus an Maitris Chriosaithe d’Úsáid Talún a úsáid nuair atá tú ag féachaint ar chriosú lonnaíochta faoi leith.

Tréithe
Tá Cill Bhriain suite laistigh de cheantar ainmnithe mar bhóthar álainn, agus tá talamh sa cheantar seo suite lastuas d’uiscíoch réasúnta torthúil ach atá tábhachtach go háitiúil, agus tá sé soghonta le truailliú screamhuisce. Tá titim talún siar thar an séipéal go ginearálta.

Tá Cill Bhriain tréithrithe ag an nádúr tuaithe radharcach atá aige, le Sléibhte na Comaraigh ó thuaidh agus soir ó thuaidh, abhainn an Choilligeáin taobh thiar agus abhainn an Airglinn ar an dtaobh ó dheas.

Cuireann na tithe atá ann faoi láthair an tógáil Éireannach traidisiúnta i láthair toisc an fhoirm simplí atá orthu.  Tá uisce dromchla á dhraenáil ag draenáil innealtóireacht locanna gur féidir a fheiceáil, go h-áirithe ó bhóthar an deiscirt.  Caithfear cosaint agus cur chun cinn na dtréithe seo a chur isteach in aon mholadh dearadh don cheantar.

Cé go bhfuil roinnt shéadchomhartha atá ar taifead timpeall na lonnaíochta, níl siad suite laistigh den chrios.

Áiseanna agus Seirbhísí
In ainneoin an nádúr tuaithe, agus slí isteach atá réasúnta deacair, tá bunscoil, séipéal Caitliceach agus halla pobail i gCill Bhriain.  Tá seomra réamhdhéanta mar spás breise ag an scoil, chomh maith le páirc imeartha taobh thiar.

Bonneagar
Tá soláthar uisce atá sásúil don daonra faoi láthair ag Cill Bhriain, le hacmhainn theoranta i gcomhair a thuilleadh éilimh.  Tá an fhoinse uisce suite timpeall 1.5 ciliméadar ó dheas ón séipéal.  Níl aon chóras diúscairte séarachais poiblí. 

Beidh aon chosc ar fhorbairt bainteach leis an easnamh bonneagair curtha in iúl thuas, agus beidh ar mholtaí fhorbartha déileáil leis seo, chomh maith leis an Údarás Pleanála a shásamh maidir leis na caighdeáin d’fhorbairtí nua atá léirithe i Roinn 9.2.

Beidh sé riachtanach na h-ábhair seo a phlé le Roinn Seirbhísí Sláintíochta na Comhairle, sar a gcuirfí aon mholadh i gcomhair forbartha nua isteach ag lorg Cead Pleanála.

Straitéis Fhorbartha
Tá an straitéis fhorbartha i gcomhair Chill Bhriain mar a chuirtear in iúl sa Léarscáil Chriosaithe d’Úsáid Talún Chill Bhriain. Beidh polasaithe agus spriocanna Straitéis Lonnaithe an Chontae, mar a léirítear i gCaibidil 3 den Phlean Forbartha, infheidhmithe chomh maith. 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit